Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta €250,000 in airgead caipitil ag cruinniú an lae inniu sna Forbacha i nGaeltacht Chonamara ar obair chomhairleoireachta agus ar thaighde i leith thithíocht a fhorbairt i gceantair Gaeltachta.
Is cead i bprionsabal atá tugtha ag an mBord agus súil múnla tithíochta inacmhainne do cheantair Gaeltachta ar fud na tíre a fhorbairt mar thoradh ar an obair seo i gcomhpháirt le geallshealbhóirí leasmhara.
Tá obair go leor le déanamh go fóill in iarracht an múnla agus cur chuige nua a fhorbairt. Chuige sin tá Údarás na Gaeltachta ag lorg léirithe spéise ó údaráis áitiúla, eagraíochta tithíochta agus eagraíochtaí ábhartha eile chun tabhairt faoi fhorbairt an mhúnla eiseamláireach seo don trí shuíomh aitheanta agus don gcomhthéacs Gaeltachta trí chéile.
Beidh an tithíocht mar ábhar seasta ar chlár oibre an Bhoird go dtí go bhfuil an múnla forbartha do shástacht an Bhoird le linn na bliana seo chugainn agus déanfar cinneadh ansin faoin gcéad chéim eile.
Tá comhráití ar bun le Comhairlí Contae áitiúla chomh maith le geallshealbhóirí ábhartha eile, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán agus an An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ina measc i dtaobh feidhmiú Beartas Tithíochta Údarás na Gaeltachta. Beidh aon teach inacmhainne a bheidh á thógáil ag tarraingt ar fhoinsí maoinithe reatha atá in áit mar chuid do bheartas tithíochta an Rialtais, Tithíocht do Chách.
Beidh na critéir incháilithe do cheannaitheoirí a fhorbraítear de bharr na hoibre seo ag teacht le critéir incháilithe na scéimeanna atá in áit faoi láthair ach critéir dochta teanga bheith luaite leo.
D'aontaigh Údarás na Gaeltachta go mbeidh aon teach a thógfar ar thalamh an Údaráis nó faoi bheartas tithíochta Údarás na Gaeltachta dírithe ar dhaoine le Gaeilge agus go mbeidh deis ag aon duine le Gaeilge a chomhlíonann critéir na scéime cur isteach air.
Tá an trí shuíomh i seilbh Údarás na Gaeltachta, mar chuid do phunann maoine na h-eagraíochta faoi láthair. Roghnaíodh na suíomhanna atá i gceist mar thoradh ar athbhreithniú atá déanta ag Údarás na Gaeltachta ar phunann maoine na h-eagraíochta. Tá, mar chéad chéim, teacht ar sheirbhísí infreastructúir ag na suíomhanna atá i gceist agus tá na suíomhanna lonnaithe in aice le seirbhísí pobail. Tá beartas tithíochta an Údaráis ag teacht le Straitéis Ghaeltacht Ghlas na h-eagraíochta.
Dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Mary Uí Chadhain: "Luíonn beartas tithíochta Údarás na Gaeltachta go h-uile agus go h-iomlán le h-obair an Údaráis pobail inmharthana a fhorbairt ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga cumarsáide laethúil ag na daoine. Tá cruachás tithíochta sa tír agus is cúis imní mhór é nach mbeidh an chéad ghlúin eile in ann teach a cheannach sa Ghaeltacht, bagairt shuntasach d’úsáid na teanga mar theanga pobail sna blianta amach romhainn."
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: "Tá postanna ar fáil sa Ghaeltacht faoi láthair, nach féidir a líonadh ceall tithíochta. Tá daoine ón Ghaeltacht, daoine de bhunú na Gaeltachta agus daoine le Gaeilge araon ag iarraidh bogadh chun na Gaeltachta le bheith ag cur fúthu ann agus an Ghaeilge ina dtimpeall mar theanga bheo. Inniu, táimid ag cur tús le Beartas Tithíochta in iarracht an dúshlán sin a shárú agus ag cur le obair mhór na h-eagraíochta ag cruthú deiseanna fostaíochta agus ag forbairt pobail na Gaeltachta.’
Seoladh ríomhphoist chuig tithiocht@udaras.ie le tuilleadh eolais a fháil ar an ábhar seo nó ar an trí shuíomh atá aitheanta sa chéim seo don togra. Sé na suíomhanna atá i gceist nó An Rinn, Co. Phort Láirge, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe agus Tithe Charraig a’tSeiscin, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.