Search

06 Sep 2025

Dátaí postála na Nollag: Deimhníonn An Post na spriocdhátaí d’Éirinn agus thar lear

Dátaí postála na Nollag: Deimhníonn An Post na spriocdhátaí d’Éirinn agus thar lear

TÁ ROINNT píosaí deiridh de chomhairle postála eisithe ag An Post do chustaiméirí a sheolann cártaí agus beartáin an tséasúir  seo.

Tá na dátaí postála is déanaí don Ríocht Aontaithe agus d’Éirinn díreach thart ar an choirnéal, agus tá An Post ag spreagadh custaiméirí chun dul chuig a nOifig Phoist áitiúil an deireadh seachtaine seo agus a gcártaí Nollag agus bronntanais deiridh a chur isteach sa phost.

Dátaí Postála Is Déanaí, 2023:

Chun beartáin a phostáil chuig an Eoraip, is é inniu, Déardaoin (14 Nollaig), an lá postála deiridh go hoifigiúil, agus Dé Luain, 18 Nollaig le haghaidh litreacha agus cártaí.

Le haghaidh cártaí agus beartáin a phostáil go Sasana, go hAlbain agus go dtí an Bhreatain Bheag, is é Dé Luain, 18 Nollaig an dáta deiridh le postáil le seachadadh in am don Nollaig.

Le haghaidh cártaí agus beartáin a phostáil go Tuaisceart Éireann, is é Dé Máirt, 19 Nollaig an dáta deiridh le postáil le seachadadh in am don Nollaig.

Agus ar deireadh, le postáil laistigh de Phoblacht na hÉireann, tá go dtí Déardaoin, 21 Nollaig, ag custaiméirí a gcártaí agus a gcuid beartán a sheoladh - ach molann An Post do chustaiméirí gan é a fhágáil go dtí an nóiméad deireanach.

Le haghaidh tuilleadh comhairle ar sheoladh na Nollag tabhair cuairt ar anpost.com/christmas.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.