Tá aistriúchán Gaeilge déanta ag Máire Nic Mhaoláin ar an leabhar Accabadora le Michela Murgia agus tá sé ar fáil sna siopaí anois.
Tá an t-úrscéal suite sa tSairdín, sna blianta 1950-1960, agus súitear isteach sa chultúr agus sa tsaol sin tú agus tú á léamh; sean-nósanna á gcleachtadh ar fud an oileáin agus an teanga dhúchais i réim. Ceann amháin de thraidisiúin an oileáin is príomhábhar don scéal seo.
Tá saothar as an gcoiteann anseo ag an údar Sardach, Michela Murgia, agus tá aistriúchán den scoith déanta ag Nic Mhaoláin.
Bhuaigh an bunsaothar an Premio Campiello, Duais Molinello, Supermondello, Duais Cuneo don Chéad Úrscéal, Duais Viadana agus Duais Giuseppe Dessi agus go leor duaiseanna eile.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.