Search

06 Sep 2025

Gnólachtaí atá an Ghaeilge iontu ag súil le haitheantas ag Gradaim Gnó na hÉireann

Gnólachtaí atá an Ghaeilge iontu ag súil le haitheantas ag Gradaim Gnó na hÉireann

Mary Kennedy RTÉ

Beidh 146 gnólacht, ina measc comhlachtaí móra cosúil le Tesco Ireland, JD Wetherspoon, agus Trócaire, ag fáil GRADAIM Gnó na hÉireann ar an 15 Samhain, 2023.

Is í Mary Kennedy, an láithreoir clúiteach teilífíse a bhronnfaidh na gradaim i mbliana. Beidh an ócáid suntasach seo ar siúl sa Hogan Suite, i bPáirc an Chrócaigh, i mBaile Átha Cliath, ag ceiliúradh gnólachtaí a bhfuil an Ghaeilge mar chuid den ghnó, nó atá ag cur seirbhíse trí Ghaeilge ar fáil dá gcustaiméirí.

Is scéim aitheantais é GRADAIM Gnó na hÉireann a bhronnann stádas Cré-umha, Airgid, nó Óir ar chomhlachtaí bunaithe ar a gcuid éachtaí. 

Beidh an comhartha a bhronnfar mar threoir do chustaiméirí, ag léiriú an leibhéal agus an cineál seirbhíse is féidir leo a bheith ag súil leis trí mheán na Gaeilge.

Aithníonn gnólachtaí an ról lárnach atá ag ár dteanga i gcultúr agus i bhféiniúlacht na tíre. Feiceann siad gur pointe díola uathúil (USP) í an Ghaeilge a mheallann custaiméirí agus tá líon na gnólachtaí atá ag baint leasa as seo ag méadú gach lá. Ní hamháin go gceiliúrann an cur chuige seo an oidhreacht chultúrtha ach tá sé ag teacht le cleachtais ghnó nua-aimseartha freisin.

Tá ríméad ar bhainisteoir na scéime, Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha Fiontraíochta agus Gnó ag Glór na nGael, "Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na comhlachtaí uile a bheidh ag fáil GRADAIM i mbliana. Le linn an tréimhse moltóireachta i mí Mheán Fómhair, chonaic mé an obair fiúntach atá á déanamh ag na gnólachtaí seo i ndáil leis an nGaeilge. Tá áthas orm go bhfuil na hiarrachtaí seo ag fáil an aitheantais náisiúnta atá tuillte acu. Is cúis cheiliúrtha é an líon comhlachtaí atá rannpháirteach i mbliana agus is léiriú iontach é ar an leibhéal seirbhíse atá ar fáil i nGaeilge sa tír inniu."

Is céim eile chun tosaigh an ócáid seo i gcur chun cinn na Gaeilge i saol an ghnó agus táthar ag súil go spreagfaidh sé tuilleadh rannpháirteachas agus nuálaíochta sa scéim. Seoladh Gradaim Gnó na hÉireann i 2021 agus tá sé á reáchtáil ag Glór na nGael.

Clúdaíonn sé an t-oileán ar fad. Is féidir le gnólachtaí gach eolas a fháil faoin scéim ag an suíomh gradaim.glornangael.ie

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.