Search

30 Sep 2025

125,000 km taistealta timpeall an domhain chun an Ghaeilge a chur chun cinn

125,000 km taistealta timpeall an domhain chun an Ghaeilge a chur chun cinn

THUG 58 grúpa ar 3 mhór-roinn #Comhrá23 ar fud na cruinne laistigh de 74 uair an chloig, ag spreagadh labhairt na Gaeilge ar líne i measc cairde agus phobal idirnáisiúnta na teanga.

Tháinig deireadh le #Comhrá23  inniu, Déardaoin 12 Deireadh Fómhair ag 4:00 i.n. (Am na hÉireann), mórimeacht ina raibh comhrá gan stad trí Ghaeilge ar feadh trí lá agus oíche ar fud an domhain. Is í aidhm Comhrá an Ghaeilge a chur chun cinn in Éirinn agus thar lear trí dhaoine a spreagadh chun cainte le cairde agus le pobal na Gaeilge ar líne.

Tháinig críoch le Comhrá i dToronto Cheanada tar éis don imeacht 125,000km a thaisteal idir 58 grúpa ar 3 mhór-roinn, ar fad taobh istigh de 74 uair an chloig. 

Ag labhairt faoin mhórimeacht, dúirt Brónagh Fusco, Comhordaitheoir #Comhrá23: “D’éirigh go geal linn aidhm an fheachtais a bhaint amach i mbliana agus labhairt na Gaeilge a spreagadh idir Gaeil anseo in Éirinn agus pobal na Gaeilge thar lear le Comhrá ‘23. Cruthaíodh cairdis, tógadh naisc idir grúpaí agus tugadh deis do dhaoine an Ghaeilge a úsáid ar bhealach uathúil agus cruthaitheach.”

Ar ábhar #Comhrá23, dúirt Pa Sheehan, Craobh Toronto de Chonradh na Gaeilge: “Bhí Craobh Thoronto thar a bheith sásta críoch a chur le #Comhrá23 anseo i gCeanada. Tá muid ag glacadh páirte san fheachtas le cúpla bliain anuas agus is mór againn na deiseanna ceangail isteach le Gaeil eile fud fad na cruinne agus ag an am céanna Gaeil Thoronto a chur chun cinn. Tréaslaíonn muid le gach duine a bhí páirteach i mbliana agus an slabhra comhráite ag dul gan stad, gan staonadh.”

Dúirt Carla Ní Raghallaigh, Rúnaí Chumann Gaelach DCU: “Bhí muid ar bís anseo i gCumann Gaelach DCU a bheith ag glacadh páirte i #Comhrá23 i mbliana. Agus muid ar ais ar an bhfód arís mar chumann, deis iontach í #Comhrá23 le bheith sáite go hiomlán inár dteanga bhinn dhúchais le cumainn ollscoile eile ar fud na tíre agus timpeall an domhain!”

Eagraítear Comhrá gach bliain le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.