Izzy Tiernan, Dean Kenny, Raimey O’Boyle agus Faye Ní Dhomhnaill (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe)
D’fhógair Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, na comhpháirtithe carthanais
don bhliain acadúil 2023/24 inniu agus is iad Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Cúram Ailse an Iarthair a bheartaigh siad orthu.
Beidh imeachtaí tiomsaithe airgid á reáchtáil ag an gComhaltas i rith na bliana ar
mhaithe leis an dá charthanas.
Dúirt Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Dean Kenny: “Táimid ar bís cistí a bhfuil
géarghá leo a thiomsú don dá charthanas seo a dhéanann obair iontach. Le linn na bliana
acadúla, cuideoidh na himeachtaí tiomsaithe sin le mic léinn agus le foireann na hollscoile
mothú go bhfuil siad páirteach i bpobal na hOllscoile, obair dheonach a dhéanamh, spraoi a
bheith acu agus a bheith gníomhach fad a thiomsaíonn siad airgead.”
Dúirt Cathy Connolly, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú:
“Tá an-áthas orainn gur roghnaigh Comhaltas na Mac Léinn muidne mar cheann dá
gcarthanais ainmnithe i mbliana. Leis an tionscnamh seo, cuideofar linn comhairleoireacht a
thairiscint dár gcliaint atá i ngéarchéim agus ár liosta feithimh a laghdú, rud a neartóidh an
tionchar atá againn agus a chuideoidh linn ár misean a chomhlíonadh, is é sin deireadh a
chur leis an nglacadh le foréigean gnéis sa chultúr agus sa tsochaí trí abhcóideacht, ardú
feasachta agus cláir oideachais.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chúram Ailse an Iarthair, Richard Flaherty: “Tá an-áthas
orainn a bheith ar cheann de charthanais ainmnithe Chomhaltas na Mac Léinn. Is galar í an
ailse a thagann gan aireachtáil ar dhaoine agus bímid ar fad thíos léi ag pointe áirithe inár
saol.
"Mar sin, ní hamháin go dtiomsófar airgead ríthábhachtach dúinn leis seo ach
aibhseofar freisin an obair a dhéanaimid i measc phobal na mac léinn – toisc go mb’fhéidir
go mbeadh ár seirbhísí ag teastáil uathu nó ó dhaoine muinteartha leo amach anseo.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.