Tabharfaidh an léachtóir agus an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh cuairt ar Chaitríona Ní Chléirchín, file atá ag cur fúithi i Scairbh na gCaorach i gContae Mhuineacháin, le labhairt léi faoin tábhacht atá leis an gceantar ina cuid scríbhneoireachta.
Tá an chuairt seo mar pháirt do chlár Raidió na Gaeltachta Ómós Áite.
Deirtear gur i gcluiche cártaí a bhuaigh tiarnaí talún an baile ina bhfuil cónaí ar Chaitríona, agus is ansin i sean-teach tiarna talún áit a bhfuil sí ag cur fúithi a thosaíonn an comhrá.
Tugann sí ar camchuairt éisteoirí Raidió na Gaeltachta chuig an reilig áitiúil, áit a léann sí dán dá máthair; chuig Loch na Tullaí, áit a bhfuil go leor síscéalta áitiúla faoi; agus chuig teorainn an bhaile, a bhfuil ról lárnach aici ina scéal pearsanta, i stair pholaitiúil an bhaile, agus ina cuid scríbhneoireachta ar ndóigh.
Léiríodh an tsraith seo le maoiniú ón Scéim Fís agus Fuaim de chuid Choimisiún na Meán. Beidh an clár ar siúl ar an Cheadaoin, Meán Fómhair 27ú.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.