Search

06 Sep 2025

Séamas Ó Concheannain molta mar Choimisinéir Teanga

Séamas Ó Concheannain molta mar Choimisinéir Teanga

As ón Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe do Shéamas Ó Concheannain atá molta ag an Rialtas mar Choimisinéir Teanga.

D'éirigh Rónán Ó Domhnaill as an bpost i mí Feabhra seo caite. D'obair Séamas Ó Concheannain mar Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga.

Dúirt an tAire Catherine Martin go bhfuil ardmheas ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta air mar gheall ar an obair atá déanta aige mar stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara teanga ó ceapadh ann é in 2020.

Tá taithí fhorleathan ag Séamas Ó Concheannain ar róil shinsearacha cheannaireachta in earnálacha éagsúla le 25 bliain anuas ag obair mar a bhí sé leis an ardoideachas, pleanáil teanga agus forbairt pobail.

Ina ráiteas, thug Séamas Ó Concheannain le fios gur mhór an onóir agus cúis áthais dó é a bheith molta ag an Rialtas le haghaidh an phoist.

Beidh ar thithe an Oireachtais rún a reachtáil maidir le moladh an Rialtais agus ina dhiaidh sin beidh ar Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUiginn an ceapachán a dheimhniú go foirmiúil.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.