Search

06 Sep 2025

Na milliúin fógartha do thionscnaimh chruthaitheacha, chultúrtha agus ealaíonta

Na milliúin fógartha do thionscnaimh chruthaitheacha, chultúrtha agus ealaíonta

Gníomh Cruthaitheach Aeráide - Fógra Gníomhairí Athraithe | PICTIÚR: Barry Cronin 1

TIONSCNAIMH bhithéagsúlachta i Néifinn, tionscadail phobail turasóireachta inmharthana i mBun Raite, bearta seasmhachta cósta cruthaitheacha sna Machairí, rannpháirtíocht phobail i gCairlinn - seo cuid de na 43 thionscadal cruthaitheacha atá san áireamh leis an fhógra maidir leis an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid de €5.8 milliún, a rinne an Taoiseach Leo Varadkar agus na hAirí Catherine Martin agus Eamon Ryan.

I ndiaidh rath an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid de chuid Éire Ildánach in 2021; tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Roinn an Taoisigh ag fógairt 43 fhaighteoir rathúla an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid II – Gníomhairí don Athrú de €5.8 milliún. Tacaíonn an tionscnamh seo de chuid Éire Ildánach le tionscadail chruthaitheacha, chultúrtha agus ealaíonta a chuireann le tuiscint an phobail ar an athrú aeráide agus a thugann cumhacht do shaoránaigh athruithe iompraíochta fiúntacha a dhéanamh.

Áirítear leis na tionscadail; Tionscadal saoránach chun caighdeán aeir i nGaillimh a mhapáil, tionscnamh Oileáin Chomhroinnte ionchuimsitheach a thugann cumhacht do phobail néara-éagsúla páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht aeráide, athchruthú Chrann Nollag Mhóinteach Mílic trí chleachtais cheardaíochta áitiúla agus inbhuanaitheacht, clár ealaíon chruthaitheach a thabharfaidh pobail Loch Cairlinn le chéile chun spéis ina dtimpeallacht mhara a spreagadh, feachtas náisiúnta, faoi cheannaireacht an tionscail fógraíochta chun físeanna malartacha ar an todhchaí a chruthú.

Anuas ar sin; saothar idirghníomhach ag freagairt don suíomh atá mar chuspóir aige lorg carbóin amharclainne i bPort Láirge a ísliú, ceiliúradh agus cíoradh ar chleachtais bhuailteachais gheimhridh sa Bhoirinn agus ar fheirmeoireacht inbhuanaithe, agus iniúchadh cruthaitheach ar thionchar an scartála in earnáil tógála na hÉireann.
 

Tá an Clár Éire Ildánach, i gcomhpháirt leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ag maoiniú 40 faighteora. Tá maoiniú do 3 fhaighteoir eile curtha ar fáil mar pháirt den tionscnamh Oileáin Chomhroinnte de chuid Roinn an Taoisigh.

Agus é ag labhairt inniu, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar TD: Taispeántar le trí thionscadal trasteorann suntasacha a bheith san áireamh sa Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid, faoi thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, an tacaíocht leanúnach atá á tabhairt ag an Rialtas do ghníomhaíochtaí uaillmhianacha a dhéanann leas don tír iomlán agus a thugann daoine le chéile ar fhadhbanna coitianta Sa chás seo cuideoidh an maoiniú feasacht a chothú, tríd an chruthaitheacht, ar athrú aeráide, an baol is mó atá roimh an chine daonna inniu.

"Is ar ár nglúin atá sé an taoide a chasadh ar athrú aeráide agus ar chailliúint na bithéagsúlachta. Leis an ghné leanúnach Oileáin Chomhroinnte den Chlár Éire Ildánach, bainfear leas as cumhacht na cruthaitheachta cultúrtha chun pobail a thabhairt le chéile ar fud an oileáin." 

Agus í ag labhairt faoin fhógra, dúirt an tAire Martin: "Is deacair rath ár gcéad tionscnamh um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid a shéanadh. Bhí an chéad 15 thionscadal an-spreagúil, an-mhachnamhach agus an-uaillmhianach. Taispeánadh uaillmhian na n-ealaíontóirí agus na bpobal a bhí bainteach leis trí na suiteáin solais dhramatúla a léirigh leibhéil na farraige ag dul in airde  i nGaillimh agus i Loch Garman, cláir talmhaíochta thumthacha sa Daingean agus i dTiobraid Árann, tionscadail dícharbónaithe i Luimneach agus i bPort Láirge, agus an athbheochan ar chultúr cóirithe agus athúsáide san Iarmhí." 

Cuirfidh an 43 fhaighteoir ráthúla tionscadail ar bun ar fud oileán na hÉireann, le 3 thionscadal Ignite atá maoinithe ag an tionscnamh Oileáin Chomhroinnte san áireamh (Aontraim, an Dún agus Fear Manach). Tacóidh an ciste le tionscadail faoi dhá ghné.

Le Gné 1, Ignite, tacófar le 19 dtionscadal idirdhisciplíneacha ar mhórscála le tuilleadh rannpháirtíochta pobail ar leibhéal náisiúnta. Beidh siad seo ar siúl go dtí 2025. Le Gné 2, Spark, maoineofar 24 thionscadal ar bhonn píolótach chun smaointe nua a chothú maidir le rannpháirtíocht phoiblí ar scála áitiúil, pobail nó pobail chleachta. Críochnófar na tionscadail seo faoi dheireadh 2024.

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.