Search

22 Oct 2025

Plean teanga Chathair Saidhbhín seolta go hoifigiúil

Plean teanga Chathair Saidhbhín seolta go hoifigiúil

PICTIÚR: Aurora Holistic Healing ar Cahersiveen Facebook

AGUS é ag tabhairt cuairte ar Chathair Saidhbhín, d’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht, Patrick O’Donovan T.D. go bhfuil plean teanga Chathair Saidhbhín seolta go hoifigiúil aige.

Is céim chun cinn í seo don phróiseas pleanála teanga sa Bhaile Seirbhíse Gaeltachta seo agus i gContae Chiarraí. 

Is í Cathair Saidhbhín an t-ochtú baile atá aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoin bpróiseas pleanála teanga agus an 37ú plean in iomlán atá ceadaithe faoin bpróiseas ar cuireadh tús leis naoi mbliana ó shin.

Go dtí seo, tá 8 mBaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas – Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath, Trá Lí, Caisleán an Bharraigh, Dún Garbhán agus anois Cathair Saidhbhín.

Is í Comhairle Contae Chiarraí a ghlac le ról mar cheanneagraíocht a chuir plean teanga Chathair Saidhbhín i dtoll a chéile. 

Chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean, beidh ciste suas le €80,000 in aghaidh na bliana ar feadh thréimhse seacht mbliana  á chur ar fáil ag an Roinn trí Fhoras na Gaeilge. Bainfear leas as roinnt den mhaoiniú sin chun Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú ar mhaithe leis an bplean a thabhairt go ceann scríbe.

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan: "Ba mhaith mo bhuíochas a ghabháil le Foras na Gaeilge ar dtús agus le Comhairle Contae Chiarraí a tháinig chun cinn chun agus a ghlac le ról mar cheanneagraíocht Chathair Saidhbín i gcomhar le páirtithe leasmhara.

2Tá moladh tuillte ag gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a thabhairt go dtí an pointe go bhfuil sé á sheoladh go hoifigiúil anois. Táthar ag súil go mbeidh Oifigeach Pleanála Teanga lonnaithe sa bhaile seo go gairid chun díriú isteach ar ghníomhaíochtaí an phlean agus staid na teanga i gCathair Saidhbhín a threisiú."

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.