Search

06 Sep 2025

Snámh go sábháilte nuair a bhíonn an ghrian ag scoilteadh na gcloch

Snámh go sábháilte nuair a bhíonn an ghrian ag scoilteadh na gcloch

PICTIÚR: Pixabay

D’eisigh Sábháilteacht Uisce na hÉireann meabhrúcháin le déanaí ag tabhairt foláireamh do dhaoine faoi shábháilteacht uisce an samhradh seo.

Tháinig an meabhrúchán de réir mar a d'ardaigh teochtaí ar fud na tíre. Thug an eagraíocht treoirlínte amach le bheith níos sábháilte san uisce.

Fan laistigh de do dhoimhneacht, agus nuair a théann tú isteach san uisce, téigh isteach go mall, chun dul i dtaithí ar theocht an uisce, snámh in áiteanna poiblí, áit a bhfuil aithne ar dhaoine. Fresin, is féidir uiscebhealaí tarrthála a úsáid, ná húsáid bréagáin inséidte in uisce oscailte, ba chóir go mbeadh leanaí san uisce faoi mhaoirseacht i gcónaí.

Anuas ar sin, chun sruth sracadh a éalú, snámh comhthreomhar leis an gcladach agus ansin snámh ar ais go talamh, ná snámh riamh i gcairéil nó i dtaiscumair, ná húsáid alcól san uisce, bí cúramach leis an taoide.

I gcásanna éigeandála, cuir glaoch ar 112 don Gharda Cósta, agus bain úsáid as seaicéad tarrthála agus tú ag bádóireacht.

Má fheiceann tú duine i dtrioblóid san uisce, tá frása ag Sábháilteacht Uisce na hÉireann. Cuir glaoch chun a chur in iúl don duine go bhfuil tú ann. Grab aon rud a stopfaidh tú ó dul san uisce. Ansin, caith baoi fáinne nó rud eile le go bhféadfaidh an duine snámh ann.

Mura bhfuil bratach Garda Tarrthála ann, ciallaíonn sé nach bhfuil Garda Tarrthála ar fáil. Ciallaíonn bratach dhearg go bhfuil Garda Tarrthála ar fáil ach meastar go bhfuil coinníollacha ró-neamhshábháilte le haghaidh snámha.

Ciallaíonn na bratacha dearga agus buí go bhfuil Garda Tarrthála ar fáil agus an Garda Tarrthála ar patról idir na bratacha sin.

Tá raon leathan faisnéise ar watersafety.ie.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.