PICTIÚR: @DeptCulturelRL ar Twitter
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, 10 faighteoir nua Ghradam Markievicz do 2023.
Tá sé mar aidhm ag Gradam Markievicz tacú le healaíontóirí chun a gceird a fhorbairt agus ealaín den scoth a chruthú a aithníonn agus a dhéanann comóradh ar ról na mban san am atá caite agus sa tréimhse a gclúdaítear i nDeich mBliana na gCuimhneachán, 1912-1923, go háirithe.
Seo a leanas na healaíontóirí a fuair gradaim inniu: Anne Crilly (Scannánaíocht), Julie Feeney (Drámaíocht), Amanda Feery (Ceol), Edwina Guckian (Na hEalaíona Tradisiúnta), Claire Keegan (Litríocht - Béarla), Danielle McLaughlin (Litríocht - Béarla), Pádraigín Ní Uallacháin (Na hEalaíona Traidisiúnta), Doireann O'Malley (Na hAmharc-Ealaíona), Dawn Miranda Sherratt-Bado (Litríocht - Béarla), Áine Uí Fhoghlú (Litríocht - Gaeilge).
Bronntar dámhachtainí faoin Scéim gach bliain idir 2021 agus 2023 ar suas le deichniúr ealaíontóirí (ealaíontóirí aonair a oibríonn ina n-aonair nó ealaíontóirí a chomhoibríonn le healaíontóirí eile) le luach suas le €25,000 do gach duine aonair nó grúpa. Oibríonn an Roinn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon maidir le riarachán na scéime faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012 2023.
Dúirt an tAire Martin: "Tugann na Gradaim seo urraim do Constance de Markievicz – a bhí ina healaíontóir í féin – agus tacaíocht d’ealaíontóirí ó gach cúlra agus seánra chun saothar nua a chruthú a léiríonn ról na mban san am atá caite, go mór mór sa tréimhse a chlúdaítear i nDeich mBliana na gCuimhneachán.
"Seo an cúigiú bliain den Ghradam agus táim buíoch den Chomhairle Ealaíon as an dámhachtain a riar agus as tacaíocht bhreise a sholáthar chun rochtain a éascú d’ealaíontóirí ar an nGradam."
Dúirt an tAire Martin, chomh maith: "Aithníonn gach ceann de na healaíontóirí ar bhuail mé leo i mBaile Átha Cliath a thábhachtaí is atá sé an ról ríthábhachtach a bhí ag mná ina n-aonar agus i dteannta a chéile inár stair a aithint, a thuiscint agus a léiriú.
"Táim ag súil le dul chun cinn an ghrúpa is déanaí seo d’ealaíontóirí Gradam Markievicz a leanúint agus le teacht ar an saothar a tháirgeann siad mar oidhreacht inláimhsithe de Chlár Deich mBliana na gCuimhneachán."
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.