Search

06 Sep 2025

Titim bheag 1.6% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gcomparáid le titim 11% i 2016

Tugann figiúirí daonáirimh léargas don gcéad uair ar an leibhéal líofachta Gaeilge ag daoine sa Ghaeltacht

Titim bheag 1.6% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gcomparáid le titim 11% i 2016

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh fhoilsiú fhigiúirí Dhaonáirimh 2022 i leith na Gaeilge, a thugann bunús fíriciúil dúinn ar staid na Gaeilge.

Nuair a dhéantar anailís ar an líon daoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil tá titim bheag 1.6% ar líon gcainteoirí laethúla taobh amuigh don gcóras oideachais go 20,261. Tá ardú ar líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil i gcondaetha Chiarraí agus Condae Phort Láirge.

Ina ainneoin sin, thit líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge ar bhonn laethiúil taobh amuigh don gcóras oideachais sna condaetha eile Gaeltachta, i gcondae Mhaigh Eo agus chondae Dhún na nGall go sonrach.  Don gcéad uair i mbliana, déantar cur síos ar chumas féinmheasta Gaeilge mhuintir na Gaeltachta, agus léiríonn sé sin go bhfuil 45,880 duine go bhfuil Gaeilge mhaith nó an-mhaith acu.

Taispeánann figiúirí nua-fhoilsithe an daonáirimh go bhfuil ardú ar líon na ndaoine go bhfuil cumas labhartha Gaeilge acu i gceantair Ghaeltachta – ardú de 1,492 go 65,165.

Tháinig ardú go náisiúnta ar líon na ndaoine a thug le fios go bhfuil cumas labhartha Gaeilge acu, ardú 6% idir 2016 agus 2022 go 1,873,997, an dara thréimhse daonáirimh inar tharla sé seo.

Dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin: “Tá sé fíor-thábhachtach go bhfuil na figiúirí atá foilsithe inniu ar fáil dúinn agus go bhfuil níos mó eolais againn anois faoi labhairt na Gaeilge sa nGaeltacht ná mar a bhí ag aon am roimhe seo. Cé go bhfuil titim beag, ar an iomlán do líon na gcainteoirí Gaeilge go laethúil – 1.6% tá sé suntasach gur laghdú é an méid sin ón titim de 11% i 2016. Tháinig ardú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i ndeich gcinn de na Limistéir Pleanála Teanga.

"Is léir, in áiteanna ina bhfuil titim iontu go bhfuil géarghá lena thuilleadh scagadh agus cíoradh ar fhigiúirí daonáirimh, obair a chuirfear tús leis láithreach ach an oireadh leis na ceantair ina bhfuil ardú tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla.’'

“Is léir ón eolas a foilsíodh ar maidin go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú i roinnt limistéir pleanála teanga Gaeltachta. Tá sé suas anois do na heagraíochtaí stáit agus do na pobail Ghaeltachta, ag obair i gcomhpháirt lena chéile, aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, agus muid ag iarraidh go neartófar an Ghaeilge agus go méadófar an líon daoine a labhrann an teanga go laethúil. Is léir go mbeidh obair mhór agus dúshlánach romhainn, ach tá muid faoi réir chuige.

“Ag an am céanna, tá sé tábhachtach go dtabharfaí aitheantas do na comharthaí dóchais go bhfuil ardú le feiceáil i ndeich gcinn de na limistéir. Le níos mó ná bliain anuas, tá lorg na hoibre atá á dhéanamh ag Oifigigh Pleanála Teanga le feiceáil go follasach sa Ghaeltacht. 

"Is fiú a thabhairt san áireamh, de bharr cúinsí áirithe, an phaindéim ina measc – go raibh muid i lár 2021 sular tháinig dlús suntasach ar ghníomhaíochtaí a bhí ag tarlú sna pobail de bharr feidhmiú an phróisis. Ach tá an próiseas pleanála teanga faoi lán seoil anois i 26 Limistéar Pleanála Teanga agus i dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. 

"Tá pleananna teanga a bhfeidhmiú ag 29 ceanneagraíocht pleanála teanga ar fud na Gaeltachta agus buiséad iomlán bliantúil de €3.2m ceangailte leis na pleananna teanga sin. Anuas ar sin, tá an Polasaí Oideachais Gaeltachta á fheidhmiú sna scoileanna Gaeltachta, tá faisnéis ar fáil cheana féin a léiríonn go bhfuil tionchar dearfach an an bPolasaí sin agus ag an mbéim atá ar an tumoideachas trí Ghaeilge sna naíonáin, ar nósmhaireachtaí teanga sna scoileanna Gaeltachta.

“Beidh tuilleadh iniúchadh le déanamh ar na figiúirí seo, chun pictiúir níos iomláine a fháil ar phátrúin teanga sna ceantair Ghaeltachta agus ar chomhthéacs na n-athraithe atá tagtha ó 2016. Tá muid tosaithe i mbun na hoibre sin cheana féin in Údarás na Gaeltachta agus beidh an t-eolas ó Dhaonáireamh 2022 lárnach sna polasaithe a bheas á leagan amach againn amach anseo.!

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.