Search

06 Sep 2025

Na mílte bailithe don RNLI le turas rothaíochta carthanachta

Na mílte bailithe don RNLI le turas rothaíochta carthanachta

Roinnt de na rothaithe a ghlac páirt sa turas | PICTIÚR: Mike Molamphy

GHLAC 304 rothaithe páirt i dturas carthanachta timpeall Loch Deirgeirt le déanaí.

Bhí an turas, darbh ainm Lap the Lake, eagraithe chun airgead a bhailiú don Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála (RNLI). Bhailigh siad €24,000 don charthanacht i mbliana.

Bhí dhá chineál turas ar fáil do na rothaithe. Cúrsa iomlán a bhí i gceann amháin timpeall an locha 120km, a chuaigh trí Chontae na Gaillimhe, Contae an Chláir agus Contae Thiobraid Árann. Bhí cúrsa 65km eile ar fáil freisin. Chuaigh an ceann ba lú go dtí timpeall Chill Dalua agus ar ais.

Thosaigh agus chríochnaigh an dá chúrsa ag an gclub luamh i Loch Deirgeirt, áit a bhfuil bád tarrthála an RNLI Jean Spier bunaithe.

Bhí fórsa ollmhór ag obair sa lá chun cabhrú. Bhí foireann mhór sábháilteachta ann freisin, lena n-áirítear foireann garchabhrach. Tharla an lá mar gheall ar chabhair ón bpobal, ó chomhlachtaí áitiúla agus ó oibrithe deonacha.

“Bhí an ócáid ar fheabhas. Bhí sé an-eagraithe ag an bhfoireann tiomsaithe airgid. Bhain na céadta rothaithe taitneamh as an radharcra álainn i Loch Deirgeirt agus ag tiomsú airgid don RNLI,” a dúirt Christine O'Malley, Bainisteoir Oibríochtaí Bád Tarrthála RNLI i Loch Deirgeirt.

D’oibrigh foireann RNLI i rith an lae ar an turas. Thug siad cabhair don phobal le ceisteanna a bhí acu faoin gcarthanas agus faoin imeacht.

An bhliain seo chugainn, beidh an RNLI oscailte ar feadh 200 bliain. Tá réimse leathan imeachtaí beartaithe chun an 200 bliain a cheiliúradh.

Bunaíodh an RNLI sa bhliain 1824. Oibríonn an RNLI chun seirbhís chuardaigh agus tarrthála ceithre huaire fichead a sholáthar. Go dtí seo, shábháil an RNLI thart ar 142,700 duine in Éirinn agus sa Bhreatain.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.