Search

06 Sep 2025

Sparánacht buaite ag mac léinn as na marcanna is fearr a bhaint amach ina céim

Sparánacht buaite ag mac léinn as na marcanna is fearr a bhaint amach ina céim

Fuair Katelyn Hayes na marcanna ab airde ina fochéime

Tá sparánacht ardghradaim bronnta ar mhac léinn Luimnigh a bhain barrmharcanna amach ina céim.

Is mac léinn de Ollscoil na Gaillimhe í Katelyn Hayes, as Carraig Chiarraí in iarthar Luimnigh, agus bronnadh Sparántacht chuimhneacháin an Dr Colm Ó hEocha uirthi tar éis di na marcanna iomlána is airde a bhaint amach ina fochéim, BA Gaeilge agus Matamaitic, i 2022.

Tá luach €3,000 ag baint leis an sparánacht agus bronntar go bliantúil í ar chéimí Ollscoil na Gaillimhe a chláraigh do Chlár Máistreachta Múinte san Ollscoil a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge. Ní mór go mbeadh staidéar déanta ag an mac léinn freisin ar a bhunchéim in Ollscoil na Gaillimhe, agus an céatadán iomlán is airde bainte amach acu.

Faoi láthair, is mac léinn í Katelyn ar an gclár iarchéime, MA (Cleachtadh na Meán Gairmiúla) in Ollscoil na Gaillimhe, OÉ Gaillimh roimhe seo, agus tá sí in RTÉ, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath, faoi láthair, ag fáil taithí ar léiriúchán teilifíse mar chuid dá iarchéim.

Fuair an dalta ó Luimneach a cuid iar-bhunoideachais i Scoil Mhuire agus Íde, An Caisleán Nua, agus gabhann sí buíochas lena múinteoir Gaelainn, Margaret Moran as a suim sa Ghaeilge a chothú. 

Bunaíodh an sparánacht i gcuimhne ar an Dr Colm Ó hEocha, Uachtarán, Ollscoil na Gaillimhe (Coláiste na hOllscoile Gaillimh mar a bhí) 1975–1995.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.