Search

06 Sep 2025

Seolann láithreoir teilifíse eispéireas oideachais feirme do leanaí

Seolann láithreoir teilifíse eispéireas oideachais feirme do leanaí

Tá Lidl ag súil le níos mó ná 5000 cuairt ó pháistí ar fud na tíre

Tá eispéireas oideachais saor in aisce ag teacht do leanaí ar fud na tíre.

Seolann an láithreoir teilifíse agus an craoltóir raidió, Kathryn Thomas, Feirm Lidl a thugann eispéireas oideachais saor in aisce atá lonnaithe in Ionad Dáilte Réigiúnach Lidl sa Droichead Nua, Co. Chill Dara.

Sheol Lidl an tionscadal nua seo i mí Dheireadh Fómhair 2022, mar an chéad mhiondíoltóir in Éirinn chun eispéireas feirme saor in aisce a fhorbairt inar féidir le leanaí scoile a fháil amach cad as a tháinig a gcuid bia.

Le tacaíocht ó Agri Aware agus soláthraí Meade Farm, tá 8.5 acra talún iompaithe ina acmhainn oideachais in aisce do leanaí scoile.

Soláthraíonn an t-oideachas ar an láthair eispéireas seomra ranga lasmuigh. Foghlaimíonn scoláirí trí mheascán de ghníomhaíochtaí praiticiúla agus le díospóireachtaí.

Agus í ag caint faoin bhFeirm, dúirt Kathryn Thomas, "Bhí sceitimíní orm a chloisteáil go bhfuil a bhfeirm féin cruthaithe acu, agus ní hamháin sin, go bhfuil deis ag leanaí foghlaim conas a gcuid barra féin a fhás, agus saor in aisce!"

Ritheann turais scoile go dtí Feirm Lidl ó Aibreán go Meitheamh, agus ó Mheán Fómhair go Deireadh Fómhair. Le tuilleadh eolais agus sonraí, téigh chuig www.lidl.ie/thelidlfarm

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.