Search

06 Sep 2025

Seó ceoil nua spreagúil ag teacht go TG4

Seó ceoil nua spreagúil ag teacht go TG4

Pictiúr: Cian McCarthy agus Eve Belle

Tá clár ceoil úrnua ag teacht chuig TG4 agus beidh cuid de na ceoltóirí is fearr ag ghlacfadh páirt ann.

Seó ceoil úrnua é Buille a thugann léargas ar chuid de na ceoltóirí is cumasaí agus is éagsúla in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Arna scannánú os comhair lucht féachana beo sna Dolan’s i Luimneach – ceann de na hionaid cheoil is fearr agus is buaine sa tír – taispeánann na láithreoirí Eve Belle agus Cian McCarthy meascán eicléictiúil de thaibhithe den scoth, ó hip hop go snagcheol, rac-cheol go R&B.

I gclár a haon, cloisimid ó laochra Luimnigh, Hermitage Green, banríon RnB Gemma Bradley, comhbhailiúchán Gaeilge IMLÉ agus ceol nua leis an Abe Soare atá le teacht.

Sa dara clár tá ceol ón mbanna ceoil Moxie, Síomha, Emma Langford agus an rapper Ushmush.

Sa tríú clár cloisimid ó Soda Blonde, an t-amhránaí hip-hop Minnie Marley, Banríon agus Pearse McGloughlin.

I gclár a ceathair, tá ceol ó The Riptide Movement, Padraig Jack, T.A. Insint agus Eve Belle.

I gclár a cúig, cloisimid ó Sorcha Richardson, an rapper as Luimneach Hazey Haze, Clare Sands agus an t-amhránaí Amy McNamara.

Sa chlár deiridh, cloisfimid ó Susan O’Neill, ealaíontóir Luimneach Strange Boy, Megan Nic Ruairí agus file Stephen James Smith.

Tugann comhráite dlúth leis na láithreoirí sa spás Upstairs @ Dolans, agus léirithe fuaimiúla eisiacha agus sainiúla léargas ar shaol, ar ghránna agus ar phróisis cheoil ár n-ealaíontóirí – agus ar gach rud eatarthu.

Craolfar Buille ar TG4 ón Domhnach, 16 Aibreán ag 10:30pm ar feadh 6 seachtaine. Imeoidh na 6 chlár ar fad ar sheinnteoir TG4 ó Aibreán 16.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.