Beidh €6.6 milliún do 29 tionscadal teilifíse, agus €636,000 le fáil ag 67 tionscadal raidió nua
Tá go leor tionscadal teilifíse agus raidió dátheangach agus lán Ghaeilge le cistiú a fháil, dar leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin.
D’fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, roimh fhógra Choimisiún na Meán go mbronnfar breis is €7.5 milliún faoin Scéim Fuaime agus Físe, an Déardaoin seo, 6ú Aibreán.
Is iad seo na dámhachtainí do Bhabhtaí 47 agus 48 den Scéim Fuaime agus Físe.
Tacóidh na leithdháiltí a dhéanfar faoi Bhabhta 47 le 96 tionscadal le craoladh ar an raidió agus ar an teilifís, le maoiniú á leithdháileadh ar chláir faisnéise, drámaí, siamsaíochta, oideachais agus beochana ina léirítear cultúr, oidhreacht agus eispéireas na hÉireann.
Léiriúcháin dátheangacha nó lán Ghaeilge is ea 35% de na tionscadail rathúla seo.
I measc bhuaicphointí na dtionscadal a gheobhaidh maoiniú, tá: sraith úrnua ceithre pháirt ina leantar néaramháinlianna in Ospidéal Beaumont agus iad i mbun a n-obair cheannródaíoch a dhéantar faoi bhrú ollmhór;
Don lucht éisteachta níos óige tá tacaíocht ar fáil don dara sraith de Dizzy Deliveries, an chéad sraith teilifíse do pháistí in Éirinn le teanga chomharthaíochta a léiriú agus a neadú;
Don raidió, beidh lucht féachana in ann éisteacht le Joe ar Thóir Líofacht, clár faisnéise 10 gcuid bunaithe ar an láithreoir Joe McGill agus a thuras go líofacht sa Ghaeilge i gceann bliana.
Ag labhairt inniu dúirt an tAire Martin: “Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh an bhfógra seo ó Choimisiún na Meán, agus déanaim comhghairdeas leis na hiarratasóirí ar fad ar éirigh leo as a gcuid dámhachtainí.
"Tá maoiniú na dtionscadal thar gach formáid agus seánra tábhachtach ó thaobh cuimsithe de, agus meallann an raon leathan clár, ó dhrámaíocht go clár faisnéise, ó oideachas go siamsaíocht, lucht féachana de gach aois," a deir sí.
"Áirítear leis na dámhachtainí atá á ndéanamh leithdháileadh breise de €1 mhilliún a chuir an Státchiste ar fáil don Chiste Craolacháin chun leanúint ar aghaidh ag freastal ar an éileamh méadaithe san earnáil".
Agus í ag labhairt faoi leithdháileadh €645,000 do 17 gcraoltóir pobail faoi Bhabhta 48 chun ábhar agus gníomhaíochtaí leasa shóisialta a fheabhsú laistigh den phobal, dúirt an tAire Martin: "Léiríonn maoiniú do chraoltóireacht phobail, ní hamháin do léiriú clár ach do ghníomhaíochtaí for-rochtana agus oiliúna chomh maith, tábhacht na Scéime Fuaime agus Físe ina cumas réimsí tábhachtacha laistigh den earnáil a aithint agus tacú leo. Fáiltím go háirithe roimh Theilifís Phobail a chuimsiú den chéad uair i mbabhta maoinithe dá leithéid."
Tá sonraí na dtionscadal a gheobhaidh cistiú ar fáil ar www.bai.ie.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.