Bláth na hóige
Tá amhránaíocht dhúchasach na nGael ina cuid bhunúsach de thírdhreach ceoil agus cultúir an oileáin seo. Maireann sí ar bhéal na ndaoine, agus tá sí ceangailte go dlúth le spiorad na nGael. Is tréimhse rathúil í seo d’amhránaíocht na Gaeilge agus tá glúin nua faoi bhláth, dream atá muiníneach, bródúil, cruthaitheach agus tiomanta don chultúr dúchasach.
Is sraith nua cheannródaíoch amhránaíochta é Bláth na hÓige a thugann ardán do na hamhránaithe ildánacha Caoimhe and Séamus Ó Flatharta, Méabh Ní Bheaglaoich, Cathal Ó Curráin, Megan Nic Ruairí, Piaras Ó Lorcáin agus Máire agus Étáin Ní Churraoin.
Tá an amhránaíocht go smior agus go smúsach sna hamhránaithe óga seo, ó Chonamara go Rann na Feirste, Ráth Chairn go hOirialla agus Corca Dhuibhne go Gaoth Dobhair, agus is turas cruthaitheach corraitheach é seo dóibh agus iad ag an tráth seo dá n-aistear ceoil.
Sa tsraith seo caithfidh muid seal in éineacht leis na hamhránaithe óga seo agus iad i mbun an tsaoil. Feicfidh muid iad ag teacht le chéile i Stiúideo Cuan i gConamara, faoi stiúir an amhránaí chlúitigh Síle Denvir agus an veidhleadóra iomráitigh Colm Mac Con Iomaire, agus iad ag comhoibriú agus ag cruthú lena chéile, ag cur an traidisiúin in oiriúint don saol ina maireann siad.
Cliceáil anseo más mían leat bláisín don clár
Beidh an clár ar siúl oíche Deardaoin, Aibrean 13, 8 pm.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.