Gavin Ó Fearraigh
Beidh neart le plé ag lucht féachána Ros na Rún amach anseo a déir Gavin Ó Fearraigh a thosaigh leis an tsraith ar dtus scór bliain ó shin.
Ba as Bun na Leaca Gavin Ó Fearraigh agus tá cliú agus cáil ar sa bhaile agus thar lear mar aisteoir, mar mhainicín agus mar dhamhsóir.
Thosaigh Gavin ag aiseoireacht le Ros na Rún nuair a bhí sé 23 bliain d'aois. Ina dhiaidh sin thug sé súil ar Mheiricéa an áit a d'éirigh go geal leis mar mhainicín. D'obair sé sa bhaile le leithidí Louis Copeland chomh maith.
Ghlac sé páirt i Jig and Reels in Éirinn agus mar thóradh ar sin caitheann sé cuid mhór ama ag obair le damhsóirí agus ar an stáitse sna Stáit Aontaithe.
Ag caint do le hÉirebheo ó Las Vegas oíche Luan dúirt an taisteoir go raibh sé go deas a bheith sa bhaile agus gur bhain sé sult iontach as a chuid cairde uilig a fheiceáil agus deis a fháil dhul amach leo. Tháinig Gavin na bhaile le dhul i mbun oibre le Ros na Rún i mí na Samhna agus d'fhill sé ar Las Vegas an tseachtain seo agus go leor oibre ró amach.
"Tá go leor scéalta maithe le tarlú. Bhain mé sult as a bheith arais ar an seit agus na haisteoirí uilig a fheiceáil," a dúirt sé.
Ba ar stáite Amharclann Ghaoth Dobhair a thosaigh Gavin ag aisteoireacht. Ina dhiaidh sin theagasc an fear óg Gaeilge do dhaltai scoile sula bhfuair sé éisteacht le Ros na Rún. Is ansin a fuair mé mo chuid taithí aisteoireachta uilig," a dúirt sé.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.