An tAire Oideachais Norma Foley TD
D'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD go gceapfar Cathnia Ó Muircheartaigh mar Chathaoirleach ar An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ar feadh téarma ceithre bliana go dtí an 28 Feabhra 2027, tar éis próiseas Seirbhíse Ceapacháin Phoiblí.
Tugann COGG comhairle don Aire Oideachais maidir le beartais a bhaineann le soláthar agus cur chun cinn an oideachais trí mheán na Gaeilge, leabhair téacs agus áiseanna foghlama Gaeilge a phleanáil agus a sholáthar agus taighde a dhéanamh ar straitéisí chun cur le héifeachtacht theagasc agus fhoghlaim na Gaeilge.
Dúirt an tAire Foley: "Tá an-áthas orm ceapachán Cathnia Ó Muircheartaigh a fhógairt mar Chathaoirleach ainmnithe COGG. Tá an-taithí ag Cathnia le tabhairt faoin ról agus táim muiníneach go stiúrfaidh sé obair COGG go saineolach as seo go ceann ceithre bliana".
Ghabh an tAire buíochas le Cathaoirleach COGG Dónal Ó hAiniféin atá ag dul as oifig as a dhúthracht agus a thiomantas d'obair COGG thar roinnt blianta fada.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.