Search

05 Jan 2026

Borradh maoinithe trí bliana de €300,000 deimhnithe don tionscnamh Fighting Words

Le tacaíocht ón Roinn tá Fighting Words ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta ó 2019, agus ó 2022 i leith i nGaelscoileanna thart timpeall na tíre

Borradh maoinithe trí bliana de €300,000 deimhnithe don tionscnamh Fighting Words

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltacht, Dara Calleary, go bhfuil maoiniú €300,000 ceadaithe aige do chlár Gaeilge agus Gaeltacht Fighting Words don tréimhse trí bliana

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltacht, Dara Calleary, go bhfuil maoiniú €300,000 ceadaithe aige do chlár Gaeilge agus Gaeltacht Fighting Words don tréimhse trí bliana ó anois go dtí 2028.

Le tacaíocht airgid ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, is tionscadal spraíúil é Fighting Words. Cuireann an clár oibre atá beartaithe ag Fighting Words le húsáid na Gaeilge i measc daoine óga agus le húsáid na Gaeilge sa chóras oideachais – sna ceantair Ghaeltachta agus in ionaid eile thart timpeall na tíre.

Leis na tionscadail scríbhneoireachta cruthaithí a reáchtálann siad as Gaeilge – agus cur chuige dearfach taitneamhach i bhfeidhm acu – cruthaíonn siad deiseanna chun an Ghaeilge a úsáid ar bhealaí nua agus suimiúla agus cothaíonn siad dearcthaí dearfacha i leith an teanga. 

LÉIGH AR AGHAIDH: Fógraíonn TG4 ciste nua €10m do smaointe cruthaitheacha in 2026

Agus an maoiniú nua á fhógairt aige, dúirt an tAire Calleary: ‘‘Cuireann Fighting Words teagasc, meantóireacht agus foilsiú saor in aisce ar fáil trí Ghaeilge i ngach seánra scríbhneoireachta cruthaithí do leanaí agus do dhaoine óga. Lonnaithe sa Ghaeltacht agus i mBaile Átha Cliath, bíonn ceardlanna, clubanna, campaí samhraidh agus tograí leabhar á eagrú le scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna, agus le grúpaí óige is pobail ar fud na tíre, Tuaisceart Éireann san áireamh.

“Is sampla iontach é an obair atá ar siúl ag Fighting Words de na bealaí difriúla ar féidir linn daoine óga a mhealladh i dtreo áilleacht agus shaibhreas na Gaeilge. Ní hamháin go gcothaíonn an tionscadal seo grá don Ghaeilge ach spreagann sé freisin an scéalaíocht agus an tsamhlaíocht i measc ár ndaoine óga; tá mé fíorbhródúil go bhfuil mo Roinn in ann tacú go gníomhach leis an tionscadal breá seo.’’ 

Dúirt Stiúrthóir Feidhmiúcháin Fighting Words,Colm Ó Cuanacháin: “Tá an-áthas ar Fighting Words an tacaíocht airgeadais seo a fháil ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta dár gcuid oibre scríbhneoireachta cruthaithí sa Ghaeltacht agus le daoine óga as Gaeilge ar fud na tíre. 

“Tugann ár gcuid oibre ar scéalta buntáistí do leanaí, ní hamháin i dtéarmaí teanga agus foghlama, ach freisin maidir lena muinín, a bhfolláine agus a bhforbairt phearsanta. Neartaíonn sé úsáid na Gaeilge i measc daoine óga freisin. 

“Tá sé go hiontach an tacaíocht leanúnach seo a fháil ón Aire na Gaeltachta, i bhfianaise thábhacht na scríbhneoireachta as Gaeilge.” 

Is eagraíocht scríbhneoireachta cruthaithí é Fighting Words a bhunaigh Roddy Doyle agus Seán Love i mBaile Átha Cliath in 2009. Is é príomhaidhm na heagraíochta ná cuidiú le daltaí de gach aois a gcuid scileanna scríbhneoireachta a fhorbairt agus a ngrá don scríbhneoireacht chruthaitheach a mhúscailt. 

Tugann Fighting Words deiseanna do dhaoine óga a scríbhneoireacht chruthaitheach a fhorbairt sna ceardlanna/campaí/ócáidí a bhíonn a reáchtáil acu ar fud na tíre agus iad go léir saor in aisce. In 2024 reáchtáladh os cionn 1,300 ceardlann/campa/ócáid agus ghlac breis agus 25,000 dalta páirt iontu sin. 

Níos túisce i mbliana, sheol an tAire Calleary an leabhair ‘1, 2 Spraoi’ le Fighting Words i mí na Bealtaine in Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), Coláiste Phádraig i nDroim Conrach.

Is tionscadail spraíúil é an leabhar '1, 2 Spraoi' idir Fighting Words, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, an Institiúid Oideachais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

Bhí deis ag na páistí na scéalta a scríobh agus is sampla iontach é an leabhair ‘1, 2 Spraoi’ de na bealaí difriúla ar féidir daoine óga a mhealladh i dtreo na Gaeilge.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.