Search

05 Sep 2025

Bord nua Údarás na Gaeltachta fógartha ag an Aire Dara Calleary

Is ar bhonn róta a ainmnítear comhaltaí i gcás na dtrí chontae Gaeltachta is lú – Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí

Bord nua Údarás na Gaeltachta fógartha ag an Aire Dara Calleary

An tAire Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta Dara Calleary TD

D'fhogair an tAire Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta Dara Calleary TD inniu go bhfuil bord nua ceaptha ar Údarás na Gaeltachta ar feadh tréimhse a mhairfidh suas le dhá bhliain go deireadh 2026.

Faoi réir na socruithe reatha atá i bhfeidhm faoi Acht na Gaeltachta 2012, ainmníonn an tAire seachtar don bhord, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na húdaráis áitiúla ábhartha a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínsí acu an cúigear comhaltaí eile.

Is ar bhonn róta a ainmnítear comhaltaí i gcás na dtrí chontae Gaeltachta is lú – Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí. Is ag contae na Mí a bheidh ionadaíocht ar bhord an Údaráis don téarma nua seo.

LÉIGH AR A LEANAS: Na mílte atá i dteideal íocaíocht Leasa Shóisialaigh aonuaire de €2,000 - seo conas iarratas a dhéanamh

Seo a leanas na comhaltaí atá ceaptha faoi réir an Achta, le héifeacht láithreach;

Siobhán Ní Ghadhra (Cathaoirleach), Ceapachán an Aire

Máire Áine Uí Ailín, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Caitlín Ní Bhroin, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Seán Ó Cuirreáin, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Micheál Ó Drisleáin, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Máirtín Ó Laoi, Comhairle Contae na Gaillimhe

Anthony Molloy, Comhairle Contae Dhún na nGall

Pádraig Ó Conaire, Comhairle Contae Mhaigh Eo

Breandán Mac Gearailt, Comhairle Contae Chiarraí

Cathal Seoighe, Comhairle Contae na Mí

Fágann sé seo go mbeidh dhá fholúntas ar an mbord go fóill. Tá sé i gceist ag an Aire líonadh na bhfolúntas seo a choinneáil faoi athbhreithniú ag brath ar an dul chun cinn a dhéanfar leis an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 san Oireachtas sna míonna amach romhainn.  Is ag Céim an Choiste i nDáil Éireann atá an Bille sin faoi láthair.

Beidh téarma suas le dhá bhliain, go dtí deireadh 2026, ag an mbord nua seo chun deis a thabhairt don Rialtas an leasú reachtaíochta a bhrú chun cinn agus toghchán a reáchtáil don bhord. 

Dúirt an tAire Calleary: "Tuigim an tábhacht a bhaineann le hobair bhord agus fheidhmeannas Údarás na Gaeltachta. Tá sé i gceist agam anois brú ar aghaidh leis an leasú reachtaíochta a chur i bhfeidhm, mar a bhaineann sé le toghcháin don bhord a athbhunú.  Guím gach rath ar na comhaltaí nua-cheaptha agus iad i mbun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh ar son phobal na Gaeltachta.”

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.