Search

05 Sep 2025

Shane Ó Curraighín fóghartha mar Chomhfhreagraí nua an Iarthuaiscirt do Nuacht RTÉ

'Tá mé ag súil go mór le scéalta mhuintir an iarthuaiscirt a chur os comhair an phobail'

Shane Ó Curraighín fóghartha mar Chomhfhreagraí nua an Iarthuaiscirt do Nuacht RTÉ

Shane Ó Curraighín

Tá sé fógartha ag Nuacht RTÉ go bhfuil an t-iriseoir, Shane Ó Curraighín, ceaptha mar Chomhfhreagraí an Iarthuaiscirt.

Beidh Shane ag tuairisciú agus ag cur anailíse ar fáil ar fud ardáin Nuacht RTÉ ar fhorbairtí sóisialta, eacnamaíocha, cultúrtha agus polaitiúla ar gach gné den saol i réigiún an Iarthuaiscirt lena n-áirítear Dún na nGall, Liatroim agus Sligeach ar fad.

Is as Teileann i nGaeltacht Dhún na nGall do Shane. Tá sé ina chónaí i mBaile Dhún na nGall lena bhean chéile agus iníon leanbh.

Thosaigh Shane Ó Curraighín le RTÉ mar iriseoir ilmheán in 2016, ag tuairisciú ar ardáin teilifíse, raidió agus digiteacha lena n-áirítear 7LÁ, Nuacht RTÉ, Nuacht TG4, Nuacht RTÉ agus RTÉ Ar Líne.

Tá raon leathan de mhórscéalta nuachta clúdaithe aige ar fud Thuaisceart Éireann agus Phoblacht na hÉireann. Le trí bliana anuas, d’oibrigh sé ar 7LÁ, clár cúrsaí reatha TG4 arna léiriú ag RTÉ, ag tuairisciú go forleathan agus ag cur anailíse ar fáil ar fhorbairtí polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta agus ar chúrsaí poiblí.

Sular thosaigh sé ag obair le 7LÁ, d’fhill Shane chun cónaí san Iarthuaisceart in 2020 ag tuairisciú ar fud chontaetha Liatroma, Shligigh, Dhún na nGall agus Mhaigh Eo do Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4.

D’oibrigh sé roimhe seo mar iriseoir físe le Below the Radar TV i mBéal Feirste agus mar léachtóir le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

"Tá mé ag súil go mór le scéalta mhuintir an iarthuaiscirt a chur os comhair an phobail," a dúirt sé.

Beidh Shane Ó Curraighín i mbun a phoist i mí Lúnasa, 2024.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.