Údarás na Gaeltachta
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne TD, an Luain seo go bhfuil an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 a thabharfaidh éifeacht do chur chuige nua maidir le comhdhéanamh bhord Údarás na Gaeltachta foilsithe anois.
Tiocfaidh próiseas toghcháin/roghnúcháin in áit an phróisis ainmniúcháin/roghnúcháin reatha atá i bhfeidhm ó 2012. Eascraíonn na hathruithe beartaithe ón ngealltanas sa Chlár Rialtais go dtabharfaí faoi athbhreithniú maidir leis an bpróiseas reatha faoina gcuirtear Bord an Údaráis i dtoll a chéile. Críochnaíodh é seo go déanach in 2022 agus tá sé ar fáil anseo.
Nuair a chuirfear tús leis an reachtaíocht seo, beidh 10 gcomhalta tofa agus 6 chomhalta arna gceapadh ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar bhord an Údaráis.
Forálann an Bille freisin go mbunóidh an tÚdarás trí Choiste Réigiúnacha reachtúla, lena n-áirítear comhaltaí arna n-ainmniú ag údaráis áitiúla, agus do cheanglas go mbeidh gach comhalta den Údarás agus na Coistí Réigiúnacha in ann leibhéal inniúlachta sa Ghaeilge a léiriú a bheidh riachtanach chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh.
Tá foráil bhreise curtha san áireamh sa Bhille chomh maith nach raibh san áireamh sa Scéim Ghinearálta agus Cinn Bhille a cheadaigh an Rialtas i mí an Mhárta. Leis an leasú seo, déanfar Alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 a leasú ar mhaithe le tithíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht.
Dúirt an tAire Catherine Martin: “Tá an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 foilsithe anois. Is céim dhearfach eile í seo sa phróiséas reachtaíochta i dtreo an chéad bhord eile d’Údarás na Gaeltachta a cheapadh de réir an phróisis dhaonlathaigh a comhaontaíodh go déanach in 2022.”
Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne: “Ó ceapadh mé mar Aire Stáit don Ghaeltacht i mí Aibreáin, tá mé ag obair chun an píosa tábhachtach reachtaíochta seo a chur chun cinn, agus tá mé ag súil le Bille Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 a thabhairt isteach sa Dáil an Déardaoin bheag seo.
“Braitheann rathúlacht Údarás na Gaeltachta ar a ailíniú le riachtanais na bpobal Gaeltachta, atá ag athrú de shíor. Tá súil agam go mbeidh an soláthar tithíochta, atá sa Bhille, in ann dul chun cinn a áisiú maidir le tithíocht sna ceantair Ghaeltachta.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.