Déanfar uasghrádú ar bhóithre, céanna, cosaint cósta, soilsiú sráide agus tionscadail eile bonneagair
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, €2.25 milliún inniu le haghaidh oibreacha caipitil ar ár n-oileáin chósta.
Déanfar uasghrádú ar bhóithre, céanna, cosaint cósta, soilsiú sráide agus tionscadail eile bonneagair leis an infheistíocht seo
Bainfidh pobail na n-oileán ó cheann ceann na tíre leas as an maoiniú, san áireamh beidh:
· Contae na Gaillimhe: Na hOileáin Árann agus Inis Bó Finne
· Contae Dhún na nGall: Árainn Mhór agus Toraigh
· Contae Mhaigh Eo: Cliara agus Inis Toirc
· Contae Chorcaí: Inis Arcáin, An tOileán Mór (Béarra) agus Inis Uí Drisceoil
Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh an tAire Humphreys an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn faoi pholasaí náisiúnta an rialtais ‘Ár nOileáin Bheo’, a thacaíonn le pobail bhríomhara, inbhuanaithe ar na hoileáin.
Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys: “Is gealltanas lárnach faoin bpolasaí oileáin deich mbliana ‘Ár nOileáin Bheo’ é cumasú pobail ár n-oileán le hinfheistíocht i mbonneagar.”
“Tá ríméad orm a fhógairt inniu go bhfuil maoiniú €2.25 milliún curtha ar fáil le tacú leis na scórtha tionscadail bhonneagair agus uasghrádú a chur i gcrích ar na hoileáin amach ón gcósta.”
“Idir bhóithre, chéanna, chosaint chósta agus shoilsiú sráide – tá na tionscadail seo riachtanach chun cur le saol na n-oileán do na pobail atá ina gcónaí ar na hoileáin agus don iliomad turasóirí a thugann cuairt orthu.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.