Search

06 Sep 2025

PICTIÚIR: Léirsiú ag Teach Laighean le gníomh a éileamh ar na Treoirlínte Pleanála Gaeltachta

Cuireadh béim ar fheidhmeanna soiléire a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta agus go mbeadh leasuithe déanta ar an Bhille um Pleanáil & Forbairt

ÚSÁID NA SAIGHDEÁIN CHUN FÉACHAINT AR A THUILLEADH PICTIÚIR

Bhailigh léirseoirí ag geataí Theach Laighean an Chéadaoin seo le cás na Gaeltachta agus an ghéarchéim thithíochta inti a léiriú do pholaiteoirí agus do phobal na tíre i gcoitinne.

Bhí tacaíocht ag an léirsiú ó ghrúpaí pobail aitheanta, ina measc: Conradh na Gaeilge, an Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga, BÁNÚ, an Dream Dearg, Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann agus CATU Ireland.

Luadh míshástacht le moilleadóireacht ón Roinn Tithíochta agus ó Roinn na Gaeltachta maidir leis na Treoirlínte Pleanála Gaeltachta mar chúis leis an agóid. D’fhógair na léirsitheoirí an 3 phríomh éileamh atá acu ar Rialtas na hÉireann:

  1. Go bhfoilseofar na Dréacht-Treoirlínte Pleanála don Ghaeltacht, atá geallta ó 2021, láithreach bonn.
  2. Go dtabharfar feidhmeanna soiléire tithíochta d'Údarás na Gaeltachta mar chuid den Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024.
  3. Go láidreofar an Bille um Pleanáil agus Forbairt 2023 ó thaobh na Gaeltachta de tríd an 3 rud seo a leanas a chur san áireamh ann:
  • Go mbeidh dualgas ar gach údarás áitiúil Plean Tithíochta agus Daonra a chur le chéile do gach Limistéar Pleanála Teanga faoina chúram.
  • Go nglacfar leis go sásaíonn líofacht sa Ghaeilge (cainteoir dúchais nó leibhéal B2 ar FTCE) na critéir don 'riachtanas áitiúil' maidir le forbairtí tithíochta sa Ghaeltacht.
  • Go gcuirfear an próiseas pleanála teanga san áireamh fud fad an Bhille leis an aitheantas agus tacaíocht chuí a thabhairt dó.

Ag labhairt inniu, dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, Urlabhraí don Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga: "Ní bheidh an Ghaeilge beo bríomhar gan pobal labhartha beo bríomhar.

"Tá an easpa tithíochta do aos óg na Gaeltachta mar bhagairt ár linne d’inmharantacht na Gaeltachta. Ní easpa forbartha, easpa deiseanna ná easpa fostaíochta, ach easpa títhíochta."

Dúirt Róisín Ní Chinnéide, Urlabhraí don Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga inniu: "Cuirtear ceisteanna Gaeltachta agus Gaelainne ar an méar fhada agus ag bun an liosta go ró-mhinic agus is mithid don chleachtas seo athrú, mar tá polasaithe tithíochta an rialtais ag brú na teangan chun éaglaigh sna ceantair Ghaeltachta.

"Táimid ag léirsiú inniu chun cúpla gníomh práinneach a éileamh ón rialtas, céimeanna a bhféadfaí a thógaint gan aon dua, ach an toil pholaitiúil a bheith ann: na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht atá geallta le ó 2021 a fhoilsiú láithreach bonn, leasuithe chun tairbhe na Gaeltachta a dhéanamh ar an mBille um Pleanáil agus Forbairt 2023 (leasuithe atá curtha os a gcomhair cheana féin), agus cumhachtaí tithíochta a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta trí leasú simplí a dhéanamh ar an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024.

"Táimid bréan de bheith ag fanacht ar Airí, ag fanacht ar ghealltanais agus ag fanacht ar ghníomh - tá teachtaireacht shoiléir tugtha againn agus beimid glórach go mbeidh réiteach ar ghéarchéim tithíochta ár linne.”

Tá moltaí forbartha ag Conradh na Gaeilge, le tacaíocht leathan ó ghrúpaí Gaeltachta, i dtreo Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht. Tá na moltaí ar fáil anseo.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.