Tá dáta agóide i gcoinne na géarchéime tithíochta sna ceantair Ghaeltachta foilsithe ag Conradh na Gaeilge.
Tá géarchéim tithíochta na Gaeltachta "ag cur bac ar mhuintir na Gaeltachta tithe a thógáil, a cheannacht agus a fháil ar cíos."
"Tá an ghéarchéim olc agus ag éirí níos measa, le himpleachtaí ar inmharthanacht na Gaeilge agus todhchaí na Gaeltachta leis," a deir urlabhraí do CnaG.
Beidh taispeántas ar siúl taobh amuigh de Theach Laighean ar an 29 Bealtaine ag 11rn, chun aird a tharraingt ar an nGéarchéim Tithíochta Gaeltachta atá ar siúl go leanúnach agus chun éileamh a dhéanamh go bhfoilseofar na Treoirlínte Pleanála Gaeltachta gan a thuilleadh moille.
I measc na ngrúpaí a thacaíonn leis an léiriú tá: Conradh na Gaeilge, BÁNÚ, An Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga, Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Aontas na Mac Léinn Dara Leibhéal Gaeilge agus An Dream Dearg.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.