Bhí breis agus 100 dalta scoile i Halla na Cathrach, Béal Feirste mar chuid de Sheachtain na Gaeilge a bheidh ar siúl ón 1 Márta go dtí an 17 Márta, inné.
Reáchtáil Comhairle Cathrach Bhéal Feirste an ócáid mar chuid dá straitéis teanga le machnamh agus ceiliúradh a dhéanamh ar nádúr ilghnéitheach na cathrach agus ar theangacha agus cultúir éagsúla na cathrach.
Bhain na scoileanna sult as ceardlanna amhránaíochta agus scéalaíochta Gaeilge leis na ceoltóirí, Cormac 'Buzz' Ó Briain agus Aodhán Mac Sheafraidh.
Is iad na scoileanna a bhí i láthair ná Scoil na Fuiseoige, Scoil an Droichid, Gaelscoil Éanna, Bunscoil Bheann Mhadagáin, Coláiste Naomh Maolmhaodhóg agus Scoil Ghramadaí Naomh Doiminic.
Dúirt an tArdmhéara, an Comhairleoir Ryan Murphy, a chuir tús leis an ócáid: "Tá lúcháir orm a bheith ag an ócáid speisialta seo le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge.
"Imríonn an Ghaeilge tionchar ar achan phobal sa chathair agus is cuid shuntasach í de stair shaibhir chomhroinnte Bhéal Feirste.
"Is iontach an rud é an oiread sin daltaí scoile a fheiceáil anseo inniu, daltaí a bhfuil an Ghaeilge acu agus atá ag iarraidh a chinntiú go dtiocfaidh forbairt uirthi agus go mbeidh sí mar chuid den phobal.
"Is iad na daoine óga seo a bhfuil tuairimí bríomhara agus dearfacha acu a leanfaidh ar aghaidh ag láidriú agus ag cur chun cinn na héagsúlachta teanga inár gcathair. Is deis iontach í an ócáid seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar achan rud atá iontach faoin Ghaeilge.
"Mar chomhairle, tá muid suite de go mbeidh Béal Feirste níos cuimsithí mar chathair, mar atá leagtha amach i bplean pobail na cathrach, Clár Oibre Bhéal Feirste, agus tá muid ag déanamh beart de réir a bhriathair maidir le comhionannas agus éagsúlacht teanga a bheith chun tosaigh."
Tá an ócáid i Halla na Cathrach mar chuid de chlár imeachtaí Lá Fhéile Pádraig na Comhairle do Bhéal Feirste.
Bhí Spraoi Cois Lao – lá spraoi Gaeilge – ar siúl i gCearnóg Theach an Chustaim an deireadh seachtaine seo caite a d'eagraigh Conradh na Gaeilge agus Feile an Phobail. Bhí ceoltóirí, damhsóirí, gníomhaíochtaí, cluichí, bia agus siamsaíocht ann le ceiliúradh a dhéanamh ar an Ghaeilge ag an ócáid.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.