Seasfaidh an rabhadh aimsire stádas buí teocht íseal agus siocáin atá i bhfeidhm, i láthair na huaire, go dtí a 9.00 maidin Dé Ceadaoine. Iarrtar ar thiománaithe é a thógáil réidh ar bhóithre na tíre ar mhaithe le timpistí a sheachaint.
Thit an teocht chomh híseal le seacht gcéim faoin reophointe i gceantair áirithe ar fud na tíre le linn na hoíche. Dhruid scoileanna i gCorcaigh agus i nDún na nGall mar gheall ar an aimsir.
Táthar a tuar nach mbeidh an teocht mórán os cionn an reophointe – idir 0 agus 4 chéim inniu.
Déanfaidh sé sioc crua ar fud na tíre arís anocht agus beidh paistí oighir ar bhóithre na tíre. Beidh beidh clocha sneachta, flichshneachta agus sneachta ann anocht chomh maith ach táthar a tuar gur mó seans an aimsir seo san iarthuaisceart.
Tá grian á tuar Deardaoin ach beidh go leor fearthainn leis idir seo agus an deireadh seachtaine.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.