Search

05 Sep 2025

Gairmeacha eachtrúla ag athair agus mac bunaithe ar ghníomhaíochtaí faoin aer

Thug Stephen McNamee as Srath an Urláir agus a mhac Ryan Cunningham faoi chúrsa oiliúna san Ionad Oideachais agus Oiliúna faoi Aer i nGartán anuraidh

Gairmeacha eachtrúla ag athair agus mac bunaithe ar ghníomhaíochtaí faoin aer

Thug Stephen McNamee as Srath an Urláir agus a mhac Ryan Cunningham faoi chúrsa oiliúna san Ionad Oideachais agus Oiliúna faoi Aer i nGartán anuraidh

Tá fear de bhunadh Dhún na nGall agus a mhac ag forbairt gairmeacha nua dóibh féin bunaithe ar spóirt uisce i ndiaidh bliain spéisiúil a chaitheamh i mbun cúrsaí oiliúna mar Theagascóirí Gníomhaíochtaí faoin Aer.

Thug Stephen McNamee as Srath an Urláir agus a mhac Ryan Cunningham faoi chúrsa oiliúna le Seirbhís Breisoideachais agus Ardoideachais (FET) ETB Dhún na nGall san Ionad Oideachais agus Oiliúna faoi Aer i nGartán anuraidh.

I rith an ama sin, bhain siad cáilíochtaí amach chun ranganna gaothshurfála, cadhcála, sléibhteoireachta agus tuilleadh a theagasc.

Thug siad dúshlán na drochaimsire, d’oibrigh siad mar fhoireann agus, ar go leor laethanta, bhain siad lán na súl as áilleacht thírdhreach agus chósta nádúrtha Dhún na nGall.

Dúirt Stephen gur dheas é go raibh deis ag athair agus mac an cúrsa a dhéanamh le chéile. “Bhí rudaí a bhfuil spéis againn iontu á ndéanamh le chéile agus bhí deis againn am a chaitheamh le chéile.”

Is breá le Ryan, 21, a bheith ag surfáil agus is breá le Stephen a bheith ag cadhcáil. Nuair a chríochnaigh sé an cúrsa an mhí seo caite, thug Ryan aghaidh ar an Nua-Shéalainn agus tá sé ag obair mar theagascóir surfála páirtaimseartha anois.

Chomh fada is a bhain le Stephen, buntáiste bhreise eile i mbliain thaitneamhach ba ea a bheith ag foghlaim taobh lena mhac.Dúirt sé go raibh sé an-deas an cúrsa a dhéanamh le Ryan sular fhág sé an baile.

Bhí Stephen ag obair san earnáil tógála i rith a shaoil sula dhírigh sé ar an oideachas faoin aer.

Bhí an méid seo a leanas le rá aige, “Chaith mé 20 bliain ag tiomáint tochaltóirí agus craenacha ach bhí spéis agam sa chadhcáil mar chaitheamh aimsire riamh. Is aoibhinn liom an chadhcáil farraige. Bhí mé i dtólamh as baile i Londain agus i mBaile Átha Cliath agus theastaigh uaim rud éigin difriúil a dhéanamh”.

“As siocair gur fhág mé an scoil an-óg, nuair a bhí mé 15 bhliain d’aois, ní raibh a fhios agam cár cheart dom dul. Bhí sé beagán scanrúil a bheith ag filleadh ar chúrsa i ndiaidh 25 bliain.

“Bhí mé á fhágáil ar feadh blianta fada, ach lá amháin dúirt mo bhean chéile an méid seo a leanas, ‘Tá mé chun
d’ainm a chlárú agus má ghlactar leis ar an gcúrsa, glactar leat’.”

Is é an t-aon aiféala atá ag Stephen anois nár thosaigh sé an cúrsa oiliúna ceithre bliana ó shin!

Taobh leis an spórt, i rith an chúrsa dírithe ar scileanna riachtanacha cosúil le garchabhair, cosaint leanaí, seoltóireacht, sábháilteacht abhann agus oiliúint tarrthála.

Dúirt Stephen go bhfuil na teagascóirí i nGartán iontach maith. “Tá siad cosúil le baill teaghlaigh, tá neart taithí acu. Tá breis is 40 bliain caite ag daoine áirithe ag obair ann. Ní bhíonn imní ort riamh ceist a chur.”

Chomh maith leis sin, dúirt Stephen go raibh a chomhghleacaithe ranga ar fad go deas agus gur chinntigh siad gur bhain gach duine tairbhe as an gclár. Ní bhíonn an ghrian ag taitneamh i nDún na nGall i gcónaí, ach réitigh an fhoireann ar fad go maith lena chéile.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Stephen, “Laethanta áirithe bíonn muid an-fhuar agus caitheann muid uaireanta fada ag rámhaíocht i rith an gheimhridh, ach cabhraímid ar fad lena chéile agus leanann gach duine ar aghaidh.

“Ba é sin an difríocht mhór a thug mé faoi deara mar dhuine a raibh taithí aige ar a bheith ag obair ar láithreán tógála. Ar an láithreán tógála ní bhíonn aon duine ag gearán, ach i nGartán déanann gach duine iarracht tacú lena chéile agus bhain mé an-taitneamh as sin. Cuireann tú aithne níos fearr ort féin fosta.”

Is féidir leat tairbhe a bhaint as cáilíochtaí i ngníomhaíochtaí amuigh faoin aer in áit ar bith, agus thaistil cuid de na daoine a rinne an cúrsa anuraidh mórthimpeall an domhain ar longa arda nó chomh fada ó bhaile le Hong Cong.

Tá Stephen ag súil le gairm níos cóngaraí don bhaile.

“I mo chás féin, amach anseo, ba bhreá liom cúig nó sé chadhc a cheannach agus dul ar thurais mórthimpeall ar na hoileáin i nDún na nGall. Ba bhreá liom é sin a dhéanamh mar phost gach lá, cuairt a thabhairt ar Uaigh agus ar áiteanna eile atá chomh hálainn sin go mbainfeadh siad an anáil díot.”

Deis ba ea an cúrsa seo do Stephen díriú ar loingseoireacht, gaotha, feachtaí agus TCP chun grúpaí a thógáil amach ar an uisce. Fuarthas taithí dhifriúil gach lá den chúrsa oiliúna.

“Tá gach lá difriúil de bhrí go bhfuil an t-uisce difriúil. Insíonn an ghaoth agus an aimsir duit céard ba cheart duit a dhéanamh.”
Tairgtear socrúchán oibre ocht seachtaine do mhic léinn, a rinne Stephen i nGartán ionas go raibh deis aige a bheith níos cóngaraí don bhaile.

Bhí an méid seo a leanas le rá aige, “Tá foireann iontach ag obair i nGartán, tá gach rud á reáchtáil go maith, tá sé sábháilte agus is iontach an rud é an deis a bheith agat a bheith ag foghlaim ó dhaoine a bhfuil taithí acu. Tá gach rud ar leac an dorais, idir sléibhte Dhoire Bheatha agus an loch glan”.

“Bíonn deis agat bualadh le daoine difriúla a bhfuil pearsantachtaí difriúla agus míchumas difriúil acu.

Foghlaimíonn tú go leor ó bheith ag obair le páistí atá faoi mhíchumas. Is breá leo a bheith in ann rudaí a dhéanamh lena gcairde. Nuair a théann páiste atá i gcathaoir rothaí isteach san uisce lena c(h)airde, mothaíonn gach duine mar an gcéanna ar dhóigh. Is féidir leat é sin a fheiceáil in aghaidh na bpáistí agus is rud deas é.

“Tá aiféala orm nach ndearna mé an cúrsa ceithre nó cúig bliana ó shin. Thaitin gach soicind go mór liom.”

Lean Stephen ar aghaidh agus rinne sé cúrsa uasoiliúna chun cáilíocht a bhaint amach i leibhéil chadhcála níos airde, agus bhain sé cáilíochtaí amach i Seaschéaslóireacht agus Rothaíocht Sléibhe (Ceannaire Rothaíochta Conaire) fosta. Bhain sé taitneamh as an bhéim bhreise a leagadh i rith an chúrsa seo ar an fharraige, ar loingseoireacht agus ar na hoileáin. I rith na hoiliúna díríodh ar conas léarscáileanna a léamh, idir pointe A agus pointe B a aimsiú, loingseoireacht san oíche, compás a úsáid agus neart eile.

I ndiaidh na bliana seo, seans go mbeidh Stephen le feiceáil ag cuairteoirí ar Dhún na nGall ag caint faoi na turais shaincheaptha mórthimpeall ar Dhún na nGall atá eagraithe aige.

Dúirt sé gur dóigh leis gur cheart do gach mac léinn a fhágann an scoil bliain a chaitheamh i mbun rud éigin mar seo, “tamall a chaitheamh chun aithne a chur orthu féin sula ndéanann siad aon chinneadh mór faoina saol.”

“Fiú amháin más mian leat a bheith ag obair mar dhlíodóir nó mar dhochtúir agus gairm mhór a bheith agat amach anseo, b’fhéidir gur mhaith leat dul ag taisteal ar dtús.

“Mholfainn duit, mura bhfuil a fhios agat céard ba cheart duit a dhéanamh, go n-athraíonn cúrsaí oiliúna do thuiscint agus go gcuireann siad brú ort díriú ort féin agus meastóireacht a dhéanamh ar an méid a dhéanann tú. Má bhaineann tú taitneamh as rud éigin, ní bheidh fadhb ar bith agat.”

Má tá tú ag smaoineamh ar ghairm nua, ar chúrsa uasoiliúna nó athoiliúna, tá raon leathan cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha á dtairiscint ag Seirbhís FET ETB Dhún na nGall ar fud an chontae faoi láthair.

Seiceáil do roghanna ar an suíomh gréasáin nó más mian leat labhairt le duine éigin faoi do roghanna, déan teagmháil leis an tSeirbhís um Treoir d’Aosaigh agus Faisnéis trí ghlaoch ar an uimhir 074 9178088 nó comhlánaigh an fhoirm seo agus déanfaidh duine éigin teagmháil leat.

Tá cúrsaí oiliúna á gcómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach.

*Ábhar urraithe

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.