Search

06 Sep 2025

Beidh daoine ábalta ticéid a cheannach do chluichí CLG trí mheán na Gaeilge

"Tá muid ag tabhairt rogha do dhaoine a gcuid ticéad a cheannach agus iad ag baint leasa as rogha Ghaeilge, rud atá an-tábhachtach do go leor dár gcuid lucht leanta"

Beidh daoine ábalta ticéid a cheannach do chluichí CLG trí mheán na Gaeilge

Beidh daoine ábalta ticéid a cheannach do chluichí CLG trí mheán na Gaeilge má dhéanann siad iad a cheannacht i gcomhpháirtíocht le comhlacht bogearraí Éireannach Future Ticketing.  

D’éirigh le Future Ticketing, an comhlacht ticéadú dúchasach is rathúla in Éirinn agus ceannaire domhanda sa ticéadú digiteach, a bogearraí a chur in oiriúint do riachtanais lucht leanúna CLG ar mian leo a ngnó a dhéanamh i nGaeilge.

Is é CLG Ros Comáin an chéad chontae a ghlac leis an rogha ceannaigh ticéad Gaeilge ar líne agus dúirt sé go dtacaíonn an tairiscint le tiomantas an CLG do chur chun cinn na Gaeilge agus go gcinntíonn sé go bhfuil an teanga náisiúnta ag croílár idirghníomhaíocht an bhoird chontae le lucht tacaíochta.

 

Dúirt Bréain Ó Cearbhaill, Cathaoirleach, CLG Ros Comáin: ''Is cúis mhór áthais do CLG Ros Comáin an pháirtnéireacht seo le Future Ticketing. Tá muid ag tabhairt rogha do dhaoine a gcuid ticéad a cheannach agus iad ag baint leasa as rogha Ghaeilge, rud atá an-tábhachtach do go leor dár gcuid lucht leanta. Cuireann CLG Ros Comáin an Ghaeilge agus an cultúr chun cinn ar bhealach gníomhach agus is sampla eile é an togra seo den tiomantas atá againn do chur chun cinn na Gaeilge taobh istigh de phobal CLG Ros Comáin.''

 

Dúirt Liam Holton, POF Future Ticketing go raibh lúchair orthu nuair a tháinig an deis chun rogha Gaeilge a chruthú: "Bhí lúcháir orainn mar ba seans mhór é chun seirbhís lánchuimsitheach a chur ar fáil."

 

Baineann na contaetha atá i gcomhpháirtíocht le Future Ticketing tairbhe as smacht iomlán ag díolaí na dticéid tríd a suíomh gréasáin. Chuir an chomhlacht béim ar GDPR, agus déanann siad cinnte go bhfuil sonraí pearsanta a lucht leanúna stóráilte in Éirinn agus ar fáil do bhord an chontae amháin. 

 

Tá comhpháirtíochtaí ag Future Ticketing le boird contae CLG i Ros Comáin, Tiobraid Árann, an Clár, Longfort agus Cill Dara agus cuirfear tús le comhpháirtíochtaí breise sna seachtainí atá amach romhainn. Is féidir le lucht leanúna Apple Pay agus Google Pay a úsáid. Logáil isteach ar www.futureticketing.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.