Fógraíonn an réalta ceoil tíre Garth Brooks mór-chamchuairt in Éirinn


I rith mhí na Bealtaine agus mhí an Mheithimh 2027, beidh Garth ag seinm in ionaid i mBéal Feirste, i nGaillimh, i gCill Chainnigh, i Luimneach agus i gCorcaigh
Tá sé fógartha ag an réalta ceoil tíre Garth Brooks go mbeidh sé ag filleadh ar Éirinn an bhliain seo chugainn le haghaidh camchuairt speisialta a thabharfaidh go cúig ionad é.
I rith mhí na Bealtaine agus mhí an Mheithimh, beidh Garth ag seinm in ionaid i mBéal Feirste, i nGaillimh, i gCill Chainnigh, i Luimneach agus i gCorcaigh.
Ba iad na cúig oíche mhóra a bhí lán go doras i bPáirc an Chrócaigh i mí Mheán Fómhair 2022 na léirithe deireanacha a thug Garth in Éirinn.
Beidh ticéid don chamchuairt in Éirinn ar fáil ón Déardaoin, an 12 Samhain.
“Ba bhrionglóid é seo agam ón gcéad uair a sheinn muid in Éirinn. Nuair a fhaigheann tú blaiseadh den chaoi a bhfuil grá ag na hÉireannaigh don cheol, ní bhíonn tú sásta a bheith ag seinm ann go minic go leor,” a dúirt an sárréalta.
Tá baint dhíreach ag ainm Garth Brooks le coincheapa ceannródaíocha, le himeachtaí a théann síos sa stair, agus le briseadh síos bacainní. Le linn a ghairme, thug sé dúshlán réamhcheapthaí agus teorainneacha i gcónaí, agus é ag tabhairt a cheoil do lucht éisteachta ar fud an domhain.
Is é an t-ealaíontóir is mó díol i stair na Stát Aontaithe é; is é an chéad ealaíontóir — agus an t-aon cheann amháin — a bhfuil níos mó ná 200 milliún albam díolta aige. Chomh maith leis sin, is é Garth Brooks an chéad ealaíontóir — agus an t-aon cheann amháin — a fuair deich nGradam Diamond ón RIAA as deich n-albam a bhfuil níos mó ná 10 milliún cóip díolta díobh.
De réir an RIAA, is é Double Live an t-albam beo is mó díol, chomh maith leis an albam ceoil tíre is mó díol sna Stáit Aontaithe. Tá Double Live, No Fences, Ropin’ the Wind, agus Triple Live i measc na gcúig albam ceoil tíre is mó díol riamh.
Tá 20 singil a shroich uimhir a haon ar chairteacha Billboard ag Garth Brooks, agus ba é an chéad ealaíontóir a raibh singil aige a shroich na cúig cinn is fearr ar stáisiúin raidió ceoil tíre thar chúig dheich mbliana as a chéile — sna 80idí, sna 90idí, sna 2000idí, sna 2010idí agus sna 2020idí.
Ar an stáitse — cibé acu i mbeáir bheaga, ag aontaí contae, in arénaí, i staidiamanna nó i dteatairí i Las Vegas — tá taifid tinrimh briste ag Brooks ón gcéad chamchuairt a thug sé riamh.
Dátaí turas na hÉireann
21/22 Bealtaine, 2027
Páirceanna Imeartha Bóthar Boucher, Béal Feirste
29/30 Bealtaine, 2027
Staid an Phiarsaigh, Gaillimh
4/5 Meitheamh, 2027
UPMC Páirc Nowlan, Cill Chainnigh
11/12 Meitheamh, 2027
TUS Gaelic Grounds, Luimneach
18/19 Meitheamh, 2027
SuperValu Páirc Uí Chaoimh, Corcaigh