Search

06 Sep 2025

Feidhm Tugtha d’Fhórálacha Deireanacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021

Is caibidil nua é tosach feidhme an Ordaithe san aistear i dtreo seirbhíse poiblí dátheangach in Éirinn

Feidhm Tugtha d’Fhórálacha Deireanacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021

Catherine Martin , an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meánagus agus Thomas Byrne, an Aire Stáit na Gaeltachta

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne TD, inniu go bhfuil ordú sínithe aige anois chun go dtiocfaidh feidhm le forálacha deireanacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ar an 21 Nollaig 2024, i ndáil leis an sprioc reachtúil a leagadh síos ina leith.

I measc na bhforálacha seo, tá cinn shuntasacha a imreoidh tionchar mór ar chearta teanga mhuintir na hÉireann ón dáta sin ar aghaidh.

Le tosach feidhme na bhforálacha seo

* Beidh postálacha chuig comhlachtaí poiblí ar na meáin shóisialta anois le freagairt sa teanga oifigiúil ina fhaightear iad; 

* Beidh comhfhreagras a chuireann comhlachtaí poiblí amach ag an bpobal chun margaíocht a dhéanamh orthu féin nó a gcuid seirbhísí le déanamh i nGaeilge amháin nó go dátheangach;

* Beidh ainmneacha comhlachtaí poiblí nua-bhunaithe le bheith i nGaeilge amháin agus beidh lógónna nua nó uasdátaithe de chuid comhlachtaí poiblí le bheith i nGaeilge nó go dátheangach - nós atá cruthaithe cheana féin le leithéidí Coimisiún na Meán, Tailte Éireann agus athbhrandáil Uisce Éireann; 

* Beidh gnéithe de sheirbhísí a chuireann páirtithe tríú páirtí ar fáil thar ceann na gcomhlachtaí poiblí le teacht faoin Acht anois chomh maith.   

Leis seo chomh maith, beidh feidhm tugtha do na forálacha a bhaineann le cosaint a thabhairt d’úsáid agus taifead cruinn ar ainmneacha, seoltaí, agus teidil i nGaeilge, lena n-áirítear an síneadh fada, mar aon le leagan amach foirmeacha oifigiúla i nGaeilge amháin nó go dátheangach.

Beidh céim sa bhreis i gceist le feidhmiú na bhforálacha sonracha seo áfach ár ndóigh, sula mbeidh siad le brath ag an bpobal i ndáiríre, sa chaoi is go mbeidh comhlachtaí poiblí le forordú chuig na dualgais bhreise úd sin in am trátha. Táthar ag súil le tús a chur leis an bpróiseas seo sa chéad leath de 2025 in éindí leis na caighdeáin teanga.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Catherine Martin: "Bliain mhór shuntasach don Ghaeilge a bheidh in 2025 a athróidh agus a neartóidh cearta teanga agus úsáid na Gaeilge san earnáil phoiblí. Cuireann an tAcht bonn daingean faoi sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus tugann sé treoir shoiléir do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais teanga.

"Táim muiníneach go gcuirfidh na forálacha nua seo feabhas suntasach ar chaighdeán agus ar mhéid na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge. Is céim ollmhór chun tosaigh é seo i bhforbairt na Gaeilge mar theanga bheo sa tseirbhís phoiblí.” 

LEIGH FRESÍN: Tairbhe á baint ag John Wilkie as Leitir Ceanainn as lá duine éigin a fheabhsú san earnáil chúraim sláinte

Dúirt an tAire Stáit Byrne: "Tá obair stairiúil agus nuálach ar bun le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus is cinnte gur céim shuntasach eile chun cinn é tosach feidhme na bhforálacha seo. Tá an pobal ag súil le seirbhísí Gaeilge den scoth agus tá sé de cheart acu iad sin a fháil. 

"Tá go leor oibre ag dul ar aghaidh ó achtaíodh an tAcht leasaithe 3 bliana ó shin, agus beidh dlús ag teacht leis an obair seo anois sa chéad leath de 2025 chun a chinntiú go dtosaíonn na píosaí seo go léir ag teacht le chéile idir an Plean Náisiúnta agus Gníomhaíochta, na Caighdeáin Teanga agus na forálacha seo anois.

"Tá muid ag bogadh ar aghaidh anois ón teoiric go dtí an cleachtas. Cinntíonn an tAcht seo go mbeidh ár gcéad teanga oifigiúil sa Stát beo bríomhar inár saol laethúil.”

Beidh treoirlínte á n-eisiúint ag an Roinn i ndáil leis na dualgais nua seo roimh dheireadh Mhárta 2025 a thacóidh le comhlachtaí poiblí lena gcur i bhfeidhm agus a chuirfidh trédhearcacht ar fáil don phobal faoin méid ar féidir leo a bheith ag súil leis sa spás seo sa tréimhse amach romhainn.   

Cuireann teacht i bhfeidhm iomlán Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 tús le ré nua do sheirbhísí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí. Leagtar creat soiléir san Acht le cinntiú go mbeidh rogha teanga ag an bpobal agus go gcuirfear seirbhísí ar fáil go dátheangach ar ardchaighdeán.

Tá comhlachtaí poiblí ag ullmhú go gníomhach don athrú seo agus leanfaidh an Roinn le tacaíocht a chur ar fáil dóibh sna blianta beaga amach romhainn.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.