Search

05 Sep 2025

Tairbhe á baint ag John Wilkie as Leitir Ceanainn as lá duine éigin a fheabhsú san earnáil chúraim sláinte

Is sensei Cearáité aitheanta é John a chuir tús lena aistear chun a bheith ag obair mar Chúntóir Cúraim in 2022

Tairbhe á baint ag John Wilkie as Leitir Ceanainn as lá duine éigin a fheabhsú san earnáil chúraim sláinte

Tá John Wilkie as Leitir Ceanainn, a chuir tús le gairm nua nuair a bhí sé 60 bliain d’aois, den tuairim gurb é oideachas an bealach chun dul chun cinn a dhéanamh

Tá John Wilkie as Leitir Ceanainn, a chuir tús le gairm nua nuair a bhí sé 60 bliain d’aois, den tuairim gurb é oideachas an bealach chun dul chun cinn a dhéanamh.

Is sensei Cearáité aitheanta é John a chuir tús lena aistear chun a bheith ag obair mar Chúntóir Cúraim in 2022.

Tá sé ag obair le Cheshire Ireland anois agus is breá leis cabhrú le daoine eile, éisteacht leo agus “a chinntiú
go mbaineann duine éigin eile taitneamh as an lá”.

Chuaigh John ar aistear oideachais le Seirbhís Breisoideachais agus Breisoiliúna (FET) Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall ar feadh roinnt blianta. Roimh an bpaindéim rinne sé cúrsaí a bhain le cumarsáid, innealtóireacht, slándáil agus cóitseáil.

Bhí an méid seo a leanas le rá aige, “uair a smaoinigh mé ar dhul ar ais theastaigh soiléire uaim maidir le céard a bheadh á dhéanamh agam. Bhuail mé leis an Treoirchomhairleoir d’Aosaigh agus bhí deis againn mo bhuanna a phlé”.

“Bíonn daoine cosúil liom féin, a d’fhág an scoil i bhfad ó shin, den tuairim nach mbíonn siad sách maith. Ach nuair a shuíonn tú síos, bíonn deis agat díriú ar do thaithí saoil agus ar an méid atá curtha i gcrích agat i rith do shaoil.

“Ón uair a fuair mé mo chéad phost sa mhonarcha bagúin in 1979, bhí fonn oibre orm. Le cabhair ón ETB agus ón Treoirchomhairleoir d’Aosaigh, dhírigh mé ar an méid ba mhaith liom a dhéanamh.”

Is clár lánaimseartha Leibhéal 5 QQI é an cúrsa Tacaíochta Cúraim Sláinte atá á theagasc i Leitir Ceanainn.

Cuimsítear san oiliúint modúil atá dírithe ar anatamaíocht agus ar fhiseolaíocht, aire a thabhairt do dhaoine scothaosta, tacaíocht cúraim, cosc agus rialú ionfhabhtuithe, garchabhair agus socrúchán oibre (thar thréimhse 10 seachtaine). In imeacht tréimhse níos lú ná bliana, bíonn na scileanna agus an taithí ag mic léinn chun dul i mbun fostaíochta.

Dúirt John go raibh a chéad lá cineál dúshlánach, go raibh sé cosúil le bheith ar ais ar scoil, agus gur fhiafraigh a gharmhac de an bhfuair sé éide ”.

“Tá neart tacaíochta ar fáil chun tascanna agus láithreoireachtaí a dhéanamh.”

Chomh maith leis sin, bhain John tairbhe as an ngné pleanála gairme agus scileanna cuardaigh poist den chúrsa.

“Cabhraíonn siad leat chun do CV a thabhairt cothrom le dáta agus tacaíonn siad leat chun díriú ar an chéad phost eile.

“Má tá muinín agat asat féin agus má leanann tú ort, gheobhaidh tú níos mó airgid, post níos fearr agus rudéigin a mbainfidh tú níos mó tairbhe as.”

Gan mhoill, ba léir do John gur bhain tairbhe le cáilíocht nuair a ghlac Cheshire Ireland lena iarratas.

“Daingníonn an cúrsa Leibhéal 5 an méid atá ar eolas agat, idir an teoiric agus an taithí phraiticiúil agus bíonn ar do chumas do chuid obair a dhéanamh mar dhuine gairmiúil.”

In Cheshire, cabhraíonn John le daoine a bhfuil riachtanais éagsúla acu agus riochtaí éagsúla orthu, lena n-áirítear Néaltrú, Parkinson’s agus Míchumas Intleachtúil.

I measc na hoibre a dhéanann sé tá veain inrochtana a thiomáint, cabhrú le daoine atá ag freastal ar imeacht nó daoine a iompar ó leaba go dtí cathaoir rothaí.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag John, “nuair a aimsíonn tú post a thaitníonn leat, ní oibreoidh tú lá riamh. Is mar sin atá i mo chás féin”.

“Is breá liom comhluadar agus sin é an rud is fearr ar fad faoin bpost. Caithfidh tú a shamhlú go bhfuil bróga duine éigin eile á chaitheamh agat ar feadh lá amháin. Tá sé tábhachtach a chinntiú go mbainfidh duine taitneamh as an lá.”

Cúis áthais do John a chloisteáil le déanaí gur ainmníodh é do ghradam Oibrí Tacaíochta Cúraim na bliana in Cheshire Ireland.

Deir sé gur fianaise é a aistear oiliúna go dtí seo “nach bhfuil tú riamh róshean chun rud éigin a dhéanamh”.

Molann John dóibh siúd atá ag filleadh ar an oideachas i ndiaidh sos fada é a thógáil go deas réidh ar dtús.

Dúirt sé gur bealach iontach é chun tús a chur leis an aistear arís é gearrchúrsa ríomhaireachta a dhéanamh, ainneoin nach bhfuil aon fhonn air féin stopadh fós. “Ná caill do mhisneach. Rinne mise an cúrsa teoirice a bhain le tiomáint bus fosta, agus seans go bhfillfidh mé chun an cúrsa sin a dhéanamh fosta as seo go ceann cúig bliana.

“Scríobh síos na rudaí is féidir leat a dhéanamh, b’fhéidir gur tuismitheoir maith thú, nó oibrí deonach, níl ach céim amháin eile le déanamh chun an píosa páipéir sin a fháil. Tógann gach rud am, tá go leor le foghlaim, ach má dhéanann tú do dhícheall, seans maith go mbeidh sé níos éasca do chéad phost eile a fháil ná mar a shíleann tú.”

Má tá tú ag smaoineamh ar ghairm nua, ar chúrsa uasoiliúna nó athoiliúna, tá raon leathan cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha á dtairiscint ag Seirbhís FET ETB Dhún na nGall ar fud an chontae faoi láthair.

Seiceáil do roghanna ar an suíomh gréasáin nó más mian leat labhairt le duine éigin faoi do roghanna, déan teagmháil leis an tSeirbhís um Treoir d’Aosaigh agus Faisnéis trí ghlaoch ar anuimhir 074 9178088 nó comhlánaigh an fhoirm seo agus déanfaidh duine éigin teagmháil leat.

Tá cúrsaí oiliúna á gcómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach.

*Ábhar urraithe

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.