Search

06 Sep 2025

Caint & Ceol - Oíche amhránaíochta le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge

"Beidh ráchairt mhór ar an imeacht seo, mar sin mholfainn do dhuine ar bith atá ag iarraidh freastal air áit a chur in áirithe go luath" - Oifigeach Gaeilge le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin

Caint & Ceol - Oíche amhránaíochta le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge

Mar chuid de chlár imeachtaí coicíse le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge 2023, tá Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ag eagrú oíche amhránaíochta ar an sean-nós leis an amhránaí chlúite Gaeilge, Claire Nic Ruairí, a bhfuil gradaim bainte aici.

Tá Claire ina cónaí sa Bhruiséil faoi láthair agus tá clú uirthi mar amhránaí sean-nóis den scoth, tá gradaim bainte amach aici ag Oireachtas na Samhna (2015) agus Fleadh Cheoil na hÉireann (2013). Bronnadh gradam ‘Éamonn Ghráinne’ uirthi don amhránaíocht in 2014, agus sa bhliain 2020, bhain sí gradam ‘Nós 2020’ don albam traidisiúnta Gaeilge is fearr dá halbam ‘An Clár Bog Déil’.

Dúirt Erin Hamilton, an tOifigeach Gaeilge le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin: “Tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh Claire Nic Ruairí go Halla na Cathrach don imeacht speisialta seo a thabharfaidh le chéile amhránaíocht Ghaeilge ar an sean-nós agus ceardlann do rannpháirtithe a thabharfaidh deis dóibh dul i dtaithí ar thraidisiún amhránaíochta an sean-nóis san Iarthuaisceart. Beidh ráchairt mhór ar an imeacht seo, mar sin mholfainn do dhuine ar bith atá ag iarraidh freastal air áit a chur in áirithe go luath”.

Seo imeacht amháin ar fhéile lán imeachtaí le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge 2023. Clár iomlán na féile ar fáil ag: www.derrystrabane.com/ irishlanguageweek

Cláraigh trí ríomhphost a chur chuig: gaeilge@derrystrabane.com

Tuilleadh Eolais: Oifigeach Gaeilge, Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, Líne Ghaeilge: 028 71 376 579, gaeilge@derrystrabane.com

www.derrystrabane.com/gaeilge

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.