Search

06 Sep 2025

An bhfuil muid ag tacú go leor lenár gceoltoirí, scríbhneoirí agus amhránaithe?

Is iad na daoine seo a chuireann an tír chun tosaigh ar stáitse an domhan

An bhfuil muid ag tacú go leor lenár gceoltoirí, scríbhneoirí agus amhránaithe?

Idir Seachtain na Gaeilge agus Lá Fhéile Pádraig tá go leor á cheiliúradh ag muintir na hÉireann anseo sa bhaile agus i gcéin  an mhí seo. Is mór an bhéim a bheas ar cheol agus ar amhránaíocht na hÉireann agus iad i lár stáitse i mbailte ó Phort Lairge go Philadelphia. 

Beidh damhsóirí Gaelacha le feiceáil ar stáitsí ar gach huile ardán chomh maith agus is mór an ábhar mórtais agus cine duinn mar Éireannaigh go bhfuil an oiread sin measa ag daoine ar ár gcultúr nuair nach bhfuil ionainn ach oileán bheag ar imeall na hEorpa. 

Is maith go bhfuil an oiread sin daoine againn atá sé ar a gcumas ceol, damhsa agus a leithid a fhoghlaim agus a fhorbairt go leibhéal ina dtig leo dhul amach ar mór staitsí an domhain agus daoine a chur faoi dhraoícht. 

An bhfaigheann duine ar bith oiread agus pinghin rua amháin le cuidiú le na healaíontoirí tabhairt faoina gceird? An bhfuil deontais nó cistí ar bith ann? An bhfaigheann an Rialtas cuntas ó thaobh margaíochta de? An bhfuil daoine fostaigh le margaíocht agus bainistíocht a dhéanamh ar bhrandaí Rialtais? Is cinnte go bhfuil. Ach, i ndaríre na daoine seo atá ag scríobh, ag ceol, ag amhránaíocht, ag damhsa agus a leithid atá ag déanamh mhórchuid na margaíochta blian i ndiaidh bliana agus is fiú go mór iad.

Caithfear cuimhne a choinneál gur tuismitheoirí na daoine seo a thacaigh leo seo i dtús baire; is iad a thiomáin chuig ranganna iad, is iad a dhíol ar son ranganna díofa agus is iad a chuir isteach i gcomórtasaí iad. Dar ndóigh déanann scoileanna a gcuid féin san fhorbairt seo agus caithfear aitheantas a thabhairt do na muinteoirí chomh maith. 

Ar an mhórchuid tosnaíonn daoine ag díriú ar an cheol agus ar an amhránaíocht nuair atá siad ar an scoil. Tuigtar nár bhfiú duit tús a chur leis an damhsa Gaelach muna dtosnaíonn tú óg ach is cinnte go bhfuil eisceachtaí ann. Tá ranganna ann do phaistí atá chomh hóg le trí bliana d’aois. Is paisean costasach í an damhsa i gcomparáid leis an amhránaíocht. Tuigtear go bhfuil cuilteacha damhsa chomh daor le €2,000. Bíonn ar tuismitheoirí idir €10 agus €20 do rang. Nuair atá scolairí ag leibhéal domhanda amanta faigheann tuismitheoirí, feisiteiripeoirí, comhairleoirí agus fiú teiripeoirí spóirt a fhostú, uaireanta, lena gcuid páistí a chothú agus a neartú leis an chorn a bhaint. 

Tá ceol uirlise costasach chomh maith, ní saor atá na huirlisí. 

Mar sin an bhfuil gá le tacaíocht airgidis agus uile de dhith ar scoileanna agus ar tuismitheoirí a thugann tacaíocht dona bpáistí? An dtiocfadh slat tomhais aimsiú ina dtiocfadh deontas do shaghas a thabhairt d’óganaigh a éiríonn leo comórtais áirithe a bhaint? Is iomaí sin teaghlach nach bhfuil an t-airgead acu páiste a chuir a dhamsa fiú má tá talún acu go háirithe sna laethanta atá ann inniu. Fiú leis an cheol, tá daoine áirithe ann atá ábalta ranganna a fhail ó saineolaí ceoil agus luach ard ar na ranganna. 

Agus is cinnte gur chóir tacú le scríbhneoirí nó is mór an aithne atá ar scríbhneoirí Éireannacha, Joyce, Heaney, Kinsella, Yeats agus Kavanaugh ar dhroim an domhain. Is iad sin a mheallann na sluaite chun tíre. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.