Uachtarán nua ar Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, tar éis dul i mbun oifige

C go D: Faye Ní Dhomhnaill, Chloe Anderson, Tom Forde agus Julieanne Ní Mhullaoidh (Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe)placeholder image
C go D: Faye Ní Dhomhnaill, Chloe Anderson, Tom Forde agus Julieanne Ní Mhullaoidh (Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe)

éimí sa Dlí, sa Bhéarla agus sna Taibhealaíona as Coill an Chollaigh, Co an Chabháin í Faye

Tá Faye Ní Dhomhnaill tar éis dul i mbun oifige mar Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, an grúpa ionadaíoch do bhreis agus 19,000 mac léinn.

Céimí sa Dlí, sa Bhéarla agus sna Taibhealaíona as Coill an Chollaigh, Co an Chabháin í Faye. Toghadh a comh-mhic léinn ní ba luaithe sa bhliain í agus tá sí anois tar éis teacht i gceannas ar an gComhaltas.  

Tá Faye ag déanamh mar a rinne an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn roimpi, a bhí ina uachtarán ar Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe siar in 1964. Beidh sí ag obair as lámha a chéile le hOifigigh eile an Chomhaltais, lena n-áirítear an

Leas-Uachtarán/An tOifigeach Leasa agus Comhionannais, Chloe Anderson, an Leas-Uachtarán/An tOifigeach Oideachais, Tom Forde, agus an Leas-Uachtarán Gaeilge, Julieanne Ní Mhullaiodh. 

 

Dúirt Faye Ní Dhomhnaill, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn: "Tá an-áthas orm glacadh leis an ról iontach tábhachtach seo ag déanamh ionadaíocht do mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe. Tá bliain dhúshlánach eile i ndán dúinn, agus ceisteanna

maidir le cóiríocht agus an costas maireachtála tar éis teacht aníos cheana, ach beidh mé féin agus Oifigigh eile an Chomhaltais ag obair go dian ar son na mball i gcónaí.

"Beidh tacaíocht bhreise ag teastáil ó mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe ag an am crua seo lena chinntiú go mbeidh siad in ann an leas is fearr is féidir a bhaint as saol na hollscoile. Is ar mhaithe leis na mic léinn atá muid agus tá muid faoi réir lena gcearta a chosaint. Tá muid chun ár ndícheall a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh gach uile mhac léinn in ann an leas is fearr is féidir a bhaint as saol na hollscoile."

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice