Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly ar cuairt go RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, Conamara agus crann nua curtha aici

Chuir an tUachtarán crann nua taobh amuigh den stáisiún, nós ar chuir an tIarUachtarán Máire Mhic Róibín tús leis agus ar lean Micheál D Ó hUigínn chomh maithplaceholder image
Chuir an tUachtarán crann nua taobh amuigh den stáisiún, nós ar chuir an tIarUachtarán Máire Mhic Róibín tús leis agus ar lean Micheál D Ó hUigínn chomh maith

Chuir an tUachtarán crann nua taobh amuigh den stáisiún, nós ar chuir an tIarUachtarán Máire Mhic Róibín tús leis agus ar lean Micheál D Ó hUigínn chomh maith

Thug Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly cuairt ar cheanncheathrú RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, Conamarale linn turais oifigiúil ar Chonamara.

Chuir an tUachtarán crann nua taobh amuigh den stáisiún, nós ar chuir an tIarUachtarán Máire Mhic Róibín tús leis agus ar lean Micheál D Ó hUigínn chomh maith. 

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta: “Tá ríméad orainn in RTÉ Raidió na Gaeltachta fáilte a chur roimh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, ar a cuairt speisialta chuig an gCeannáras i gCasla. Is ócáid stairiúil í seo a léiríonn an tábhacht agus an ról lárnach atá ag RnaG i gcroílár an phobail, pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge."

Dúirt sé freisin: "Ó bunaíodh an stáisiún breis agus 50 bliain ó shin, tá misean na seirbhíse soiléir: seirbhis chuimsiteach nuachta agus siamsaíochta a chur ar fáil don phobal. Níl aon amhras faoi ach go dtuigeann an tUachtarán Connolly an misean sin agus tá muid an-bhuíoch as an tacaíocht leanúnach a thugann sí don tseirbhís."placeholder image
Dúirt sé freisin: "Ó bunaíodh an stáisiún breis agus 50 bliain ó shin, tá misean na seirbhíse soiléir: seirbhis chuimsiteach nuachta agus siamsaíochta a chur ar fáil don phobal. Níl aon amhras faoi ach go dtuigeann an tUachtarán Connolly an misean sin agus tá muid an-bhuíoch as an tacaíocht leanúnach a thugann sí don tseirbhís."

"Is lá speisialta é seo dúinn agus tá súil againn go mbainfidh sí taitneamh as an gcuairt. Guíonn muid gach rath uirthi agus í ag tabhairt faoina tréimhse mar Uachtarán na hÉireann agus beidh míle fáilte roimpi i gcónaí in RTE Raidió na Gaeltachta.” 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice