Triúr gortaithe tar éis ‘ionsaí tromchúiseach’ i sráidbhaile sa Chlár


Tá cóir leighis á cur ar bheirt fhear agus ar bhean san ospidéal tar éis eachtra i nDroichead an Chláir
Tá Gardaí ag achomharc ar fhinnéithe tar éis gur gortaíodh triúr le linn eachtra tromchúiseach i nDroichead an Chláir, Co an Chláir, tráthnóna Dé Domhnaigh.
Tuigtear go ndeachaigh beirt fhear isteach i miondíoltóir sa sráidbhaile go gairid roimh 1pm agus gur ionsaigh siad beirt fhear sular fhág siad an láthair i gcarr. Dar leis na Gardai, gortaíodh fireannach atá ina 20idí go dona agus go bhfuil cóir leighis á cur air san ospidéal faoi láthair.
“Fuair an fear eile a gortaíodh, ógánach ina dhéagóirí déanacha, cóireáil san ospidéal le haghaidh gortuithe nach bagairt saoil agus scaoileadh saor ó shin é.
"Gortaíodh bean ina 50idí freisin le linn na heachtra seo agus tá sí ag fáil cóireála ospidéil le haghaidh gortuithe nach mbaineann bagairt saoil," a dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Síochána.
Tá láthair an eachtra caomhnaithe agus tá scrúdú teicniúil á dhéanamh.
Tá Seomra Teagmhais bunaithe ag stáisiún gardaí na hInse agus tá imscrúdú ag leanúint ar aghaidh.
Tá Gardaí ag éileamh ar fhinnéithe ar bith teacht chun tosaigh agus iarrtar ar aon úsáideoirí bóithre a bhféadfadh píosaí scannáin ceamara a bheith acu, lena n-áirítear dash-cam, agus a bhí ag taisteal i gceantar Dhroichead an Chláir idir 12:45in agus 1:15in Dé Domhnaigh an scannán seo a chur ar fáil do na Gardaí.