Tionscadal athfhorbartha Ghailearaí Ealaíne Crawford le dul ar tairiscint


Céim thábhachtach sroichte ag athfhorbairt stairiúil an fhoirgnimh shuntasaigh i gCorcaigh
Thug an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., cead do thionscadal athfhorbartha Ghailearaí Ealaíne Crawford leanúint ar aghaidh go céim an ghlao ar thairiscintí.
Tá athfhorbairt uaillmhianach an Ghailearaí ar cheann de na tionscadail atá mar pháirt den chlár infheistíochta faoin Phlean Forbartha Náisiúnta, faoina ndéanfar athchóiriú agus athnuachan ar go leor dár bhForais Chultúrtha Náisiúnta.
Tá Crawford ar an t-aon Fhoras Chultúrtha Náisiúnta atá ag feidhmiú ina iomláine taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, agus é lonnaithe i bhfoirgneamh stairiúil i croílár chathair Chorcaí.
Leis an dearadh bheartaithe ón chomhlacht mór le rá, Grafton Architects, rachfar i ngleic le dúshláin a théann siar i bhfad le creatlach an fhoirgnimh, rud a chuirfidh feabhas ar a inbhuanaitheacht agus lena gcuirfear spásanna stórála oiriúnacha ar fáil dá bhailiúchán.
Leathnóidh sé agus nuachóireoidh sé Crawford i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, cuirfidh sé spásanna taispeántais nua ar fáil chomh maith le háis Foghlaim agus Aimsigh chun daoine nua a mhealladh isteach.
Beidh leathanradharc ar chathair Chorcaí sa dhánlann phoiblí nua agus leis an bealach nua isteach ar Emmet Place, tabharfar cuairteoirí amach go plás uirbeach nua i gcroílar shaol cultúrtha na cathrach. Fanfaidh an Gailearaí ar oscailt do chuairteoirí go Fómhar 2024, agus cuirfear tús le hobair ar an tsuíomh roinnt míonna ina dhiaidh sin.
Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin: “Beidh áiseanna nua an Ghailearaí níos mealltaí do chuairteoirí agus cuirfidh sé suíomh spreagúil nua ar fáil don bhailiúchán atá ar taispeáint. Leis an athshamhlú seo ar an bhfoirgneamh, tá muinín agam go dtacófar le forbairt an Ghailearaí amach anseo agus go gcabhrófar leis ról níos suntasaí fós a imirt i saol cultúrtha na hÉireann.”
Dúirt Stiúrthóir Ghailearaí Ealaíne Crawford, Mary McCarthy: “Chomh maith le spás cultúrtha suntasach nua a chur ar fáil don phobal, déanfar caomhnú agus cosaint bhunriachtanach ar oidhreacht thógtha atá trí chéad bliana d’aois leis an tionscadal athforbartha caipitil, rud a dhéanfaidh spásanna gailearaí reatha Ghailearaí Ealaíne Crawford, arb ansa leis an bpobal iad, a athbheochan go ceann na gcéadta bliain.”
Tá tionscadal athfhorbartha Ghailearaí Ealaíne Crawford, arna mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, á thabhairt i gcrích ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá an glao ar thairiscintí á eisiúint go conraitheoirí réamhcháilithe.