Thar an Tairseach le Máire Dinny Wren

placeholder image

Dráma le Mairéad Ní Mhaonaigh ó Altan

Tá an dráma Thar an Tairseach le Máire Dinny Wren le cloisteáil ar shuíomh idirlíon RTÉ 1 agus ó thús deiridh tá Gaeilge bhlásta, shaibhir le cloisteáil ann. 

Léiriú atá sa dráma seo ar ghearrscéal ar an ghearrscéal 'Thar an Tairseach' atá le fáil sa leabhar 'Go dtí an lá bán' a chuir eabhlóid in eagar. 

Déantar cur síos speisialta ar an aimsir agus náthanna cainte galántacha á úsáid ag an bhfile. Is í an ceoltóir Mairéad Ní Mhaonaigh atá lárnach sa dráma seo agus cuireann a cuid ceoil go mór, mhór leis an dráma. Déanann Mairéad páirt Nuala sa dráma seo agus tá an ceol lárnach i saol Nuala mar atá i saol Mhairéad chomh maith.

Tá cónaí ar Nuala léi féin go dtí go dtagann bean eile a chónaí léi a chuireann as a stuaim í.

Sé rithim an cheoil a thugann an saol chun beatha do Nuala. Is inneall atá sa cheol a thugann deis agus uchtach do Nuala éalú uadh na rudaí atá ina hualach uirthí sa tsaol sa deireadh thiar thall.

Is deas an meascán mealltach ceoil agus saibhreas cainte atá curtha ag Máire sa dráma seo. Gné eile atá le cloisteáil sa dráma nó an chaoí ina ndéantar taifead ar ghlór Nuala agus an macalla a bháintear as. 

Tá ceol nuachumtha a rinne Niall Hackett fite fríd an dráma ceolmhar seo agus tá an-obair déanta aige leis an choiriú seo.

Is í Anne Ní Chaigne an scéalaí. Maoirseacht Fuaime le Richard McCullagh agus Niall Hackett agus an dráma stiúrtha ag Eoghan Mac Giolla Bhríde.

Is féidir éisteacht le dráma Mháire anseo.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice