Táthar sa tór ar an te a sheol teachtaireacht i mbuideál


Níl de shonraí pearsantach leis an teachtaireacht sa bhuideál ach ainm
Thángthas ar theachtaireacht i mbuidéal a scríobh girseach ó Éirinn i Meiriceá agus tá lucht aimsithe an bhuidéal ag iarraidh teagmháil a dhéanamh le scríbhneoir na litreach.
Shínigh an te a sheol an litir a hainm mar Aoife.
Dúirt Frank Bolger, a d’aimsigh an teachtaireacht ar 14th Street Beach i Wildwood, New Jersey, ar Lúnasa 17, go raibh sé ag piocadh bruscair ón trá le linn siúlóid nuair a chonaic sé an buidéal.
Ar Morning Ireland, RTÉ, dúirt Frank Bolger inniu nach raibh sonraí ar nós riomhphost nó seoladh scríofa sa litir mar sin táthar ar mhisean Aoife a aimsiú.