Tarrtháil déanta ar cheathrar iascaire amach ó chósta Dún na nGall


Tugadh tarrtháil ar cheathrar iascaire amach ó chósta Dún na nGall ar maidin inniu nuair a reachtáil an bád ina raibh siad i dtír amach ó chósta oileán Inis Meáin.
Cuireadh scairt ar na seirbhisí éigeandála.
Chuaigh an R118 ó Sligeach, bád tarrthála Arainn Mór agus Garda Cósta an Bhun Bhíg i mbun cuidithe.
Tógadh an ceathrar iascaire amach ón láthair agus tugadh i dtír iad ag aerphort Dhún na nGall.
Tuigtear nach raibh curam leighis de dhith ar aon duine don ceathrar iascaire.