Táille nua do shiopadóirí ar líne a cheannaíonn earraí nach as an Aontas Eorpach iad


Tiocfaidh an táille nua uile-AE de €2 i bhfeidhm ón 1 Samhain
Tá sé deimhnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim go mbeidh aon earraí a cheannaítear lasmuigh den Aontas Eorpach faoi réir "táille láimhseála an Aontais" nua de €2 in aghaidh gach earra ar leith ón 1 Samhain ar aghaidh.
Beidh feidhm ag an táille seo maidir le haon earraí – is cuma cén luach atá leo – a cheannaítear ar líne ó thíortha lasmuigh den AE agus a sheoltar chuig tomhaltóirí in Éirinn agus i mballstáit eile den AE.
Deir siad go bhfuil an táille nua seo, atá i bhfeidhm ar fud an AE, scartha ón táille chustaim de €3 in aghaidh an earra atá i bhfeidhm ón 1 Iúil, agus gur breisíocht uirthi í.
Dúirt na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil sé i gceist leis an táille nua – nach mbeidh in-aisíoctha – costais mhéadaithe a chlúdach a thabhaigh údaráis chustaim de bharr an fháis ollmhóir ar an ríomhthráchtáil le blianta beaga anuas.
De réir na gCoimisinéirí Ioncaim, tá méadú mór tagtha ar líon na n-earraí seolta ar luach íseal (luach faoi bhun €150) a allmhairítear isteach san AE: ó €660 milliún in 2022 go dtí €5.7 billiún anuraidh.
Dúirt siad gur ionann na hearraí seolta ar luach íseal anois agus 97% de gach earra seolta fisiciúil isteach san AE, ach nach ionann iad ach 2% den luach iomlán. In Éirinn, is ionann na hearraí seolta ar luach íseal agus thart ar 88% de na hearraí seolta ar fad.
Beidh an chuideachta óna gceannaíonn tomhaltóirí freagrach as an táille nua €2 a íoc; áfach, is dócha go gcuirfidh siad cuid den táille, nó an táille ar fad, ar aghaidh chuig na tomhaltóirí.
Mura ngearrtar an táille ag an bpointe íocaíochta ar líne, gearrfaidh an chuideachta a sheachadann na hearraí táille bhreise chun í a bhailiú.
Ag labhairt dó faoi Tháille Láimhseála an Aontais, mhínigh Ray Ryan, Príomhoifigeach sa Rannán Custaim: “Is í seo an dara hathrú a théann i bhfeidhm ar an ríomhthráchtáil i mbliana. Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag siopadóirí ar líne faoi na hathruithe seo ionas go dtuigfidh siad costas iomlán a gcuid ceannachán ar líne sula ndéanfaidh siad cinneadh ceannach a dhéanamh. Teastaíonn uainn cabhrú le daoine costais gan choinne a sheachaint, cibé acu ag an bpointe íocaíochta nó nuair a sheachadtar na hearraí chuig a ndoirse”.
Cliceáil anseo chun tuilleadh sonraí a fháil