Caisleán Éireannach 800 bliain d'aois le cur ar ais in úsáid


Bhí Caisleán Naomh Dáibhí i Nás ina phríomhionad mar dhaingean Normannach i rith an 13ú agus an 14ú haois.
Táthar chun staidéar a dhéanamh ar Chaisleán stairiúil Naomh Dáiví (St David’s Castle) i Nás na Rí, Contae Chill Dara, d’fhonn úsáid a shainaithint dó sa todhchaí.
De réir Chomhairle Contae Chill Dara, ceapfar sainchomhairleoir chun “staidéar indéantachta a fhorbairt don tionscadal.”
Tuairiscíonn Kildare Now gur dúirt an chomhairle freisin gur “tionscadal speisialaithe” é seo, agus an caomhnú “ag croílár riachtanais an tionscadail.”
Cabhróidh an staidéar le “úsáid agus forbairt an tsuímh sa todhchaí” a shainaithint.
Tá Caisleán Naomh Dáiví breis agus 800 bliain d’aois.
Deir staraithe gur cuid bhunúsach de stair an bhaile é an caisleán, ag dul siar go dtí an fhoirgneamh bunaidh ó ré an Rí Eoin Shasana, nuair a reáchtáladh dhá pharlaimint ann.
Bhí ról lárnach aige sa 13ú agus sa 14ú haois mar dhaingean Normannach.