Tagann TG4 agus cainéal ó Nua-Shéalainn le chéile chun seasamh le luachanna cultúrtha


Tá sé mar aidhm ag an gcomhpháirtíocht seo naisc a fheabhsú idir pobail na Māori agus pobail Ghaeilge
Tá Comhaontú Caidrimh sínithe ag TG4 agus Whakaata Māori (as An Nua-Shéalainn) chun comhluachanna agus comhshochair a chur chun cinn trí mhalartú acmhainní, eolais agus seirbhíse.
Tá sé mar aidhm ag an gcomhpháirtíocht seo, a cuireadh ar bhonn foirmiúil ag 45ú Féile na Meán Ceilteach, naisc a fheabhsú idir pobail na Māori agus pobail Ghaeilge.
Tharraing Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, aird ar na cosúlachtaí idir stair agus teangacha an dá chultúr, ag tabhairt suntais don fhéidearthacht atá ann don fhoghlaim fhrithpháirteach, go háirithe i straitéisí meán cumarsáide.
Leag Shane Taurima, Whakaata Māori Kaihautū, béim ar a thábhachtaí atá an comhoibriú seo chun teanga agus cultúr a chur chun cinn, ag léiriú spleodar faoin bpoitéinseal do réitigh chruthaitheacha chun tacú le maireachtáil teangacha agus cultúir Māori agus na hÉireann.