Tabharfaidh Rugbaí na Mumhan aghaidh ar na All-Blacks XV níos déanaí i mbliana


Beidh an cluiche ar siúl i bPáirc Thuamhan i mí na Samhna
Tá sé deimhnithe ag Rugbaí na Mumhan go dtabharfaidh an cúige aghaidh ar na All-Blacks XV Dé Sathairn, 2 Samhain i bPáirc Thuamhan (5.30in).
Ó athfhorbairt Pháirc Thuamhan in 2008, tá Rugbaí na Mumhan ina óstach ar fhreasúra idirnáisiúnta ar nós na All Blacks, na hAstráile agus na Māori All Blacks.
Ag labhairt faoin bhfógra an Mháirt seo dúirt Príomhfheidhmeannach Rugbaí na Mumhan, Ian Flanagan: “Beidh lúcháir orainn fáilte a chur roimh na All Blacks XV go Páirc Thuamhan i mí na Samhna mar chuid dá dturas ar an Leathsféar Thuaidh.
“Tá stair fhada shaibhir againn maidir le taobhanna idirnáisiúnta a óstáil agus táim cinnte go gcuirfidh cluiche na Samhna caibidil spreagúil eile leis an traidisiún seo.”
Tá sonraí ticéid don chluiche ar fáil anseo.
