Garry Mac Donncha agus Pat Fleury i bPáirc an Chrócaigh
Cuirfidh RTÉ tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil ar chluichí móra rugbaí agus sacair idirnáisiúnta i mbliana, ag tosú leis an gcluiche i gComórtas na Sé Náisiún ar an 21ú Feabhra idir Sasana agus Éire.
Craolfar na cluichí Éire v An Bhreatain Bheag ar an 6ú Márta agus An Fhrainc v Sasana ar an 14ú Márta le tráchtaireacht i nGaeilge chomh maith.
Chuir RTÉ tús lena gcraoladh beo i nGaeilge ar chluichí ceannais iománaíochta agus peile na hÉireann sa bhliain 2015, agus ó shin i leith tá curtha go mór acu leis an tseirbhís bliain i ndiaidh bliana.
Beidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil ar os cionn 35 cluiche i mbliana - peil, iománaíocht camógaíocht, rugbaí agus sacar san áireamh, beo ar an RTÉ Player, agus ar chainéal nuachta RTÉ.
Dúirt Niamh Ní Churnáin, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ: “Cuireann spórt lucht féachana na hÉireann faoi gheasa, agus is cuid lárnach é de mhisean seirbhíse poiblí RTÉ na heachtraí dodhearmadta seo a bheith ar fáil trí Ghaeilge. I mbliana i gcomhar le Spórt RTÉ, táimid ag cur le réimse na n-imeachtaí spóirt le tráchtaireacht as Gaeilge. Cuirfear tús leis an gcraoladh leis an gcluiche mór rugbaí idir Shasana agus Éirinn, i gComórtas na Sé Náisiún, le tráchtaireacht den chead scoth á cur ar fáil ag Garry Mac Donncha agus Colm de Buitléar. Seo é an chéad cheann de bhuaicphointí spóirt na bliana seo a bheidh á sholáthar ag RTÉ sa dá theanga.”
LÉIGH FREISIN | FOLÁIREAMH: Tá foláirimh nua eisithe ag Met Éireann mar go bhfuil an aimsir gheimhridh le dul in olcas
Beidh cluichí na hÉireann i gComórtas Sé Náisiún na mBan á gcraoladh i nGaeilge ar RTÉ freisin, le Sasana v Éire ar an 11ú Aibreán agus Éire v An Bhreatain Bheag ar an 9ú Bealtaine.
Beidh tráchtaireacht bheo i nGaeilge ar fáil chomh maith ar an gcluiche réitigh ollmhór a bheidh ag foireann sacair na hÉireann in aghaidh na Seicia sna babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain i Fortuna Arena i bPrág ar an 26ú Márta, chomh maith le tráchtaireacht agus anailís Ghaeilge ar chluichí baile na hÉireann i Sraith Náisiún UEFA san fhómhar. Beidh cluichí idirnáisiúnta na mban á gclúdach freisin, ag tosú leis an gcluiche cáilithe do Chorn an Domhain i gcoinne na Fraince ar an 3ú Márta.
Beidh Garry Mac Donncha agus Cuán Ó Flatharta i mbun tráchtaireachta agus anailíse, i dteannta Colm de Buitléar agus Deirbhile Nic an Bháird (rugbaí), Charlie McGeever (sacar), agus a lán eile nach iad.
Cuirfear tús le tráchtaireacht i nGaeilge ar chraobhacha peile, iománaíochta agus camógaíochta na hÉireann i mí na Bealtaine, agus beidh cluichí á gcraoladh gach deireadh seachtaine go mí Lúnasa. I dteannta na láithreoirí Garry Mac Donncha agus Cuán Ó Flatharta, beidh cómhthráchtaireacht le Dara Ó Cinnéide, Pat Fleury, Gary Brennan agus iar-imreoirí eile ar na cluichí seo.
Bíonn tráchtaireacht agus anailís bheo le meitheal spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta le cloisteáil ó chuile chearn den tír gach deireadh seachtaine ar na cláracha Spórt an tSathairn, Spórt an Tráthnóna agus Spórt an Lae, agus tús curtha le sraitheanna peile agus iomána na hÉireann 2026. Bíonn an nuacht agus na scóir is déanaí ó na cluichí móra rugbaí, sacair agus spóirt eile le cloisteáil freisin.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.