Craolfar an scannán speisialta séasúrach seo den chéad uair an 14 Nollaig, i nGaeilge ar TG4, ar Cúla4, ar BBC Two Northern Ireland, BBC iPlayer agus i mBreatnais ar S4C
Is údar bróid do TG4, do BBC Northern Ireland agus do S4C comhchoimisiún cinniúnach a fhógairt den chéad scannán beochana Nollag riamh a cruthaíodh trí chomhléiriú bríomhar idir trí náisiún, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge & Ciste Scáileáin, Scáileán Thuaisceart Éireann agus ó Choimisiún na Meán.
Craolfar an scannán speisialta séasúrach seo den chéad uair an 14 Nollaig, i nGaeilge ar TG4, ar Cúla4, ar BBC Two Northern Ireland, BBC iPlayer agus i mBreatnais ar S4C.
Is iad Taunt Studios a léirigh an scannán, ina dtugtar an lucht féachana ar aistear draíochtúil, croíúil a leanann Nollaig – nó Nollaí mar is fearr aithne air, gnáthfhia a bhfuil rún dochreidte ag baint leis.
LÉIGH AR AGHAIDH: TG4 ag ceiliúradh deich mbliana de rannpháirtíocht na hÉireann le 'Junior Eurovision: An Deichiú Réalt'
Eolas faoin Scannán
Gnáthfhia é Nollaig (nó Nollaí mar is fearr aithne air). Tá sé beagáinín ard d’fhia, ceart go leor, ach dúradh riamh leis go raibh sé mórchnámhach. Tá sé ag caitheamh saol breá dó féin ar an bhfeirm in éineacht lena theaghlach daonna; a dheirfiúr agus an cara is fearr atá aige, Sadhbh, agus Daid. Buailimid le Nollaí den chéad uair ar a ‘bhreithlá’ – sin é a thugann a theaghlach ar an lá ar aimsigh siad ar dtús é. Oíche gheimhriúil amháin deich mbliana ó shin a tháinig sé isteach i saol Shaidhbh agus Daid nuair a d’aimsigh siad Nollaí taobh istigh de liagchiorcal ar an sliabh.
Ó tharla nach raibh radharc ar bith ar aon fhia eile, thug siad an fia abhaile leo agus rinneadh cuid den teaghlach de. Imíonn na blianta: Bíonn sé deacair ar Nollaí a bheith ina fhia ollmhór i ndomhan atá leagtha amach do dhaoine daonna ach is breá leis an pobal ina thimpeall, mar sin féin. Ansin, lá amháin, cuirtear a shaol ar fad trína chéile nuair a thagann sé ar eolas, trí thimpiste, go bhféadfadh sé gurb eisean an Megaloceros Giganteus (AKA Fia Mór na mBeann, speiceas d’fhia nach ann dó a thuilleadh) deireanach ar domhan!
Cuireann an t-eolas seo tús le heachtra mhór, agus filleann Nollaí agus Sadhbh ar an liagchiorcal inar aimsíodh é chun eolas a fháil faoina chúlra. Ar an mbealach, castar Stoca orthu; ialtóg theochroíoch atá beagáinín craiceáilte, agus atá gafa leis an Nollaig. Tá Stoca breá sásta a bheith páirteach san eachtra. Le chéile tagann siad ar an liagchiorcal agus aimsíonn siad tairseach chuig domhan eile – domhan fhianna móra na mbeann!
Téann Nollaí thar an tairseach agus buaileann sé le fia ollmhór cairdiúil a chuireann fáilte abhaile roimhe. Ach tosaíonn an tairseach ag dúnadh sula mbíonn aon eolas faighte aige. Is féidir le Nollaí fanacht i ndomhan na bhfianna ollmhóra – áit a raibh sé ar bís lena haimsiú – ach má fhanann sé, beidh sé bliain sula bhfeicfidh sé a theaghlach daonna arís. Tagann lagmhisneach ar Shadhbh agus ar Stoca; tá siadsan ag fanacht le Nollaí ar an taobh eile den tairseach agus tá imní orthu nach dtiocfaidh sé ar ais, ach filleann sé ag an nóiméad deireanach agus tá an triúr le chéile arís. B’fhéidir nár éirigh le Nollaí an domhan eile a shiúl an uair seo, ach tá a fhios aige go mbeidh sé in ann dul ar ais arís, nuair a bheidh sé réidh.
Duairt Máire Uí Choisdealbha, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4: “Tá ríméad orainn an chéad scannán beochana Nollag riamh de chuid TG4 a choimisiúnú in éindí lenár gcomhpháirtithe iontacha. Is comhléiriú idirnáisiúnta fíor-spreagúil é. Tugann an comhoibriú seo meascán iontach den chruthaitheacht agus den scéalaíocht chultúir as Éirinn agus as an mBreatain Bheag le chéile agus tá scannán séasúrach cruthaithe mar thoradh air sin a chuirfidh gliondar ar theaghlaigh go ceann blianta fada. Céim chinniúnach atá ann do TG4 agus is léiriú é ar an tsamhlaíocht chultúir chomhroinnte atá i bpáirt ag na craoltóirí seo le chéile. Is fada linn go bhfeicfidh an lucht féachana draíocht an scannáin dóibh féin.”
Duairt Karen Kirby, Feidhmeannach Coimisiúnaithe do BBC Thuaisceart Éireann: “Is é seo an chéad chomhoibriú dá leithéid do BBC Northern Ireland agus do BBC Gaeilge agus tá an-áthas orainn dul i bpáirt lenár gcomhpháirtithe craolta agus maoinithe chun an scéal beochana álainn Nollag seo a chur os comhair ár lucht féachana ar BBC iPlayer agus ar chainéal teilifíse BBC Two Northern Ireland. Is scéal aoibhinn é Nollaí a bhaineann leis an ngrá agus leis an muintearas. Is scéal uilíoch é ar féidir a insint san iliomad teangacha agus cuireann buanna dochreidte na n-aisteoirí, na foirne beochana agus na gceoltóirí beocht iontach sa scéal. Tá súil agam go mbainfidh óg agus aosta taitneamh as an scannán i dteannta a chéile i gcaitheamh na Nollag.”
Dúirt Sioned Geraint, Coimisinéir Ábhair S4C – Leanaí agus Foghlaimeoirí: Tá ríméad orm go raibh baint ag S4C le Nollaí, nó Nolig sa Bhreatnais. Is scannán beochana álainn croíúil é seo a rachaidh i bhfeidhm ar go leor dár lucht féachana. Beidh sé ina bhuaicphointe inár sceideal séasúrach do Leanaí agus do theaghlaigh go ceann blianta fada. Bhí sé iontach oibriú lenár gcomhpháirtithe Ceilteacha arís, agus a bheith ag cur leis an gcaidreamh atá á neartú i gcónaí idir TG4 agus S4C. Is iontach go deo freisin go mbeimid in ann an scannán seo a sheoladh i nGaeilge agus i mBreatnais an lá céanna ar an dá chainéal.”
Duirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán i gCoimisiún na Meán: “Táimid fíor-shásta a bheith ag tacú le léiriú Nollaí trínár Scéim Maoinithe Fuaim & Fís. Bunaíodh an scéim chun tacaíocht a chur ar fáil chun ábhar nua, nuálach Gaeilge a chruthú a mbainfidh lucht féachana idir óg agus aosta taitneamh as.”
Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga & Cultúrtha agus Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag Scáileán Thuaisceart Éireann: “Agus ár bhfichiú bliain á comóradh againn, tá bród ar fhoireann an Chiste Craoltóireachta Gaeilge tacú le Nollaí, an chéad scannán beochana Nollag Gaeilge riamh a rinneadh i dTuaisceart Éireann.
"Is léiriú é ar uaillmhian agus ar thallann ár bhfoirne cruthaitheacha áitiúla, ar chuidigh a gcuid scileanna agus comhoibrithe le gach céim den tionscadal. Cuirfidh an scéal séasúrach seo, atá fréamhaithe i mbéaloideas na hÉireann, gliondar ar an lucht féachana óg agus beidh sé ina ábhar féachana Gaeilge a fheilfidh don teaghlach go léir an Nollaig seo. Tá lúcháir orainn go bhfeicfear é ar BBC TÉ, ar TG4, ar Cúla4 agus ar S4C, agus go dtarraingeofar aird ar ardchaighdeán an ábhair atá á chruthú go háitiúil do theaghlaigh ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin.”
Tom Getty, Taunt Studios / Aisling McElroy, Taunt Studios: “Bhí am den scoth againn ar fad anseo in TAUNT agus ár scannán beag Nollaí á chruthú againn. Is foireann muid atá gafa leis an Nollaig. Mar sin, ba gheall le brionglóid dúinn a bheith ag obair chun an scannán seo a thabhairt chun fíre le bliain anuas.
Ní éireodh linn aon chuid de seo a bhaint amach murach tacaíocht BBC TÉ, TG4 agus S4C, agus tacaíocht na maoinitheoirí; ILBF, Fís Thuaisceart Éireann agus Coimisiún na Meán. Tá súil againn go dtaitneoidh sé chomh mór céanna libhse is a thaitníonn sé linne.”
Eolas maidir le Craoladh
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.